Gaois

Blag Gaois (eochairfhocal: Logainmneacha)

Logainmneacha

15 blagmhír

  1. Ainmneacha Páirce Ghleann an Smóil curtha le Meitheal Logainm.ie

    2 Feabhra 2018

    Tá dlúthnasc idir logainmneacha agus an cultúr agus faightear léargas breise sna logainmneacha faoin oidhreacht agus faoin stair a bhaineann le háit. Tugann mionlogainmneacha léargas dúinn ar na daoine a d’imigh romhainn agus faoin gceangal a bhí acu le háiteanna éagsúla sa tír thar na blianta. Cruthaíodh Meitheal Logainm.ie chun cuid d’oidhreacht logainmníochta na tíre a chur chun cinn sa ré dhigiteach trí mhionainmneacha a mhapáil agus a roinnt ar líne. Cuireadh bailiúchán úr le Meitheal Logainm.ie le déanaí, Ainmneacha Páirce Ghleann an Smóil, agus tugtar spléachadh sa bhlagmhír seo ar chuid den saibhreas logainmníochta atá ar fáil sa bhailiúchán.

  2. Logainmneacha na Nollag

    13 Nollaig 2017

    Tá oícheanta fada an gheimhridh buailte linn agus tá na hullmhúcháin don Nollaig faoi lánseol i láthair na huaire. Tá na siopaí maisithe agus tá soilse ildaite crochta ar na sráideanna agus ar chuid mhór tithe araon. Agus Lá Nollag ag teannadh linn, caitear súil sa bhlagmhír seo ar roinnt logainmneacha ina ndéantar tagairt don Nollaig nó do ghné áirithe a shamhlaítear leis an bhféile seo de ghnáth. Tá eolas i dtaca leis na mílte logainmneacha stóráilte i mBunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie) agus roghnaítear dornán díobh anseo le cíoradh i gcaitheamh laethanta beaga na Nollag.