Rúin na hAthbhliana 2023
9 Eanáir 2023
Caitear súil chun cinn sa bhlagmhír seo ar roinnt den obair a bheidh idir lámhá againn i gcaitheamh na bliana seo.
9 Eanáir 2023
Caitear súil chun cinn sa bhlagmhír seo ar roinnt den obair a bheidh idir lámhá againn i gcaitheamh na bliana seo.
13 Eanáir 2022
Seo thíos radharc beag ar chuid de na nithe a bheas idir lámha ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2022. Tá forbairtí suntasacha poiblí beartaithe againn, agus go leor oibre eile ag dul ar aghaidh taobh thiar de na cuirtíní.
1 Feabhra 2021
Spléachadh ar chuid de na nithe a bheas idir lámha ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2021.
24 Feabhra 2020
Is cúis mhór bhróid agus cheiliúrtha dúinn go bhfuil Meitheal Dúchas cúig bliana ar an bhfód! Sílimid gur fiú agus gur mithid súil a chaitheamh ar dhul chun cinn na hoibre, go háirithe le bliain anuas.
27 Eanáir 2020
Spléachadh ar chuid de na nithe a bheas idir lámha ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2020.
13 Bealtaine 2019
Seo thíos blagmhír ó Kate Bagnall, buaiteoir Eolaí Óg na Bliana sa rannóg Eolaíochtaí Iompraíochta agus Sóisialta, agus buaiteoir Gradam Speisialta ón Chomhairle um Thaighde in Éirinn.
1 Eanáir 2019
Tá pleananna móra againn do 2019!
17 Nollaig 2018
Cuireadh go leor i gcrích in oifigí Gaois i rith 2018.
23 Márta 2018
Tá breis is 100,000 leathanach tras-scríofa ag baill Mheitheal Dúchas.ie ó seoladh an tionscadal sluafhoinsithe in earrach na bliana 2015.
3 Eanáir 2018
Guíonn muid athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise ar ár léitheoirí go léir. Seo thíos spléachadh beag ar a mbeidh ar na bacáin ag foireann na dtionscadal i mbliana.
18 Nollaig 2017
Ní áibhéil a rá go raibh 2017 gnóthach anseo in oifigí na dtionscadal.
8 Meán Fómhair 2017
Agus Meitheal Dúchas.ie ar an bhfód le breis agus dhá bhliain anuas, tá go leor daoine i ndiaidh scéalta ón mbailiúchán a thras-scríobh dúinn. Scríobh ball den Mheitheal as Scoil Mhaodhóig, Co. Loch Garman tuairisc ghearr dúinn faoin gcaoi ar baineadh úsáid as an Meitheal sa seomra ranga. Seo a raibh le rá aici…
10 Lúnasa 2017
Beidh na céadta imeachtaí cultúrtha ar siúl timpeall na tíre ar fad idir an 19-27 Lúnasa 2017 mar chuid den tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta. Reáchtáiltear an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta in Éirinn faoi scáth Laethanta Oidhreachta na hEorpa, comhthionscnamh de chuid Chomhairle na hEorpa agus an Aontais Eorpaigh agus glacann breis agus daichead tír páirt sna ‘laethanta oidhreachta’ seo gach bliain.
8 Feabhra 2017
Tá Meitheal Dúchas ar an fhód anois le 2 bhliain anuas agus ní miste súil a chaitheamh ar dhul chun cinn na hoibre, go háirithe le bliain anuas.
1 Eanáir 2017
Guíonn muid athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise ar ár léitheoirí go léir. Tar éis bliain ghnóthach anseo in oifigí na dtionscadal taighde – idir aistriú campais (go Campas na Naomh Uile, i nDroim Conrach), ceardlanna, comhdhálacha agus mórthionscadal nua sluafhoinsithe – tá muid ag tabhairt aghaidh ar 2017 agus ag tnúth lena bhfuil romhainn. Tugtar spléachadh sa bhlagmhír seo ar chuid dár bpleananna don bhliain úr.
29 Aibreán 2016
Cuireadh tús le Meitheal Dúchas.ie i dtosach na bliana seo caite agus tugadh cuireadh don phobal tras-scríobh a dhéanamh, ar bhonn deonach, ar scéalta agus ar ábhar i nGaeilge i mBailiúchán na Scol. D’éirigh go hiontach leis an Meitheal go dtí seo agus táimid fíorbhuíoch do gach aon duine a chuidigh linn.
25 Feabhra 2016
Táimid ag díriú ar na múinteoirí arís sa bhlagmhír seo. An uair seo tabharfar léargas ar mhodh úsáide a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach don seomra ranga. Leagtar amach plean samplach ina gclúdaítear aidhmeanna, torthaí foghlama mar aon le plean d’ocht gceacht agus measúnachtaí.
9 Feabhra 2016
Cuireadh tús le TED, comhdháil ina bpléitear cúrsaí teicneolaíochta, siamsaíochta agus dearthóireachta i bhfoirm cainteanna gearra, in 1984. Tá méadú mór tar éis teacht ar an gcomhdháil thar na blianta agus bíonn raon ábhar níos leithne faoi chaibidil sna cainteanna anois.
15 Eanáir 2016
Tá Meitheal Dúchas.ie ar an bhfód anois ó mhí na Feabhra 2015 agus ag dul ó neart go neart a bhuí lenár 400 ball díograiseach. Mar is eol daoibh, pléadh roinnt tionscadal spéisiúil le linn na bliana a raibh an sluafhoinsiú mar dhlúthchuid díobh. Caithimid súil siar anseo ar na tionscadail éagsúla a luamar i gcaitheamh 2015.
7 Eanáir 2016
Guíonn muid athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise ar ár gcuid léitheoirí go léir. Tá muid dár gcroitheadh as ár suan anseo in Fiontar i ndiaidh shos na Nollag. Agus gach mac máthar ag caint ar dhea-rúin agus spriocanna don bhliain úr, shíl muid go mba thráthúil an rud é réamhspléachadh a thabhairt daoibh sa bhlagmhír seo ar chuid de na forbairtí atá beartaithe againn don bhliain seo romhainn.
Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.
Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.