Gaois

Blag Gaois (eochairfhocal: Stair)

Stair

27 blagmhír

  1. Mná i Mionlogainmneacha na hÉireann

    4 Márta 2019

    Ní féidir dul rófhada gan teacht ar thagairtí do dhaoine i mionainmneacha na hÉireann. Is minic a luaitear úinéir na talún (ainmneacha sealbhacha) nó pearsa eile a raibh baint éigin aige nó aici leis an áit (ainmneacha stairiúla) san ainm. Tá na hainmneacha seo fíorthábhachtach ó thaobh cúrsaí staire agus ginealais de. Dírímid ár n-aird ar rogha mionlogainmneacha ó Mheitheal Logainm.ie a bhaineann le mná sa bhlagmhír seo mar cheiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan i mbliana.

  2. Comóradh Céad Bliain na Chéad Dála

    21 Eanáir 2019

    Ag 3.30 p.m. ar an 21 Eanáir, 1919, a tionscnaíodh an Chéad Dáil Éireann i dTeach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath. Mar a tharla i gcás Éirí Amach 1916, bhí lucht na Gaeilge rannpháirteach, ní hamháin in imeachtaí stairiúla an lae úd, ach sna cruinnithe agus sna hullmhúcháin a tháinig roimhe. Le cinntiú gurbh í an Ghaeilge teanga oibre na Dála cuireadh coiste le chéile le téarmaí fóirsteanacha a cheapadh faoina choinne sin. Ar an choiste seo, bhí Seán Ó Ceallaigh (Sceilg), Pádraig Ó Máille, Liam de Róiste agus Piaras Béaslaí.

  3. Ainmneacha Páirce Ghleann an Smóil curtha le Meitheal Logainm.ie

    2 Feabhra 2018

    Tá dlúthnasc idir logainmneacha agus an cultúr agus faightear léargas breise sna logainmneacha faoin oidhreacht agus faoin stair a bhaineann le háit. Tugann mionlogainmneacha léargas dúinn ar na daoine a d’imigh romhainn agus faoin gceangal a bhí acu le háiteanna éagsúla sa tír thar na blianta. Cruthaíodh Meitheal Logainm.ie chun cuid d’oidhreacht logainmníochta na tíre a chur chun cinn sa ré dhigiteach trí mhionainmneacha a mhapáil agus a roinnt ar líne. Cuireadh bailiúchán úr le Meitheal Logainm.ie le déanaí, Ainmneacha Páirce Ghleann an Smóil, agus tugtar spléachadh sa bhlagmhír seo ar chuid den saibhreas logainmníochta atá ar fáil sa bhailiúchán.

  4. Scéalta agus Seanchas as Contae Chorcaí

    14 Deireadh Fómhair 2016

    Cuireadh tús le mórscéim bailithe béaloidis i scoileanna náisiúnta na tíre ar an gcéad lá de mhí Iúil 1937 ar ar tugadh ‘Scéim na Scol’. Thiomsaigh daltaí as 5,000 bunscoil i Saorstát Éireann tuairim is 740,000 leathanach idir 1937 agus 1939. Ba é Coimisiún Béaloideasa Éireann a chuir an scéim bailithe seo ar bun, agus i gContae Chorcaí ghlac breis agus 450 scoil páirt sa scéim agus ba é 125 imleabhar toradh a gcuid saothair. Déantar iarracht sa bhlagmhír seo cuid de na seoda deasa de bhéaloideas an chontae a léiriú.

  5. Béaloideas Chontae Uíbh Fhailí

    7 Deireadh Fómhair 2016

    Níl aon amhras go bhfuil saibhreas béaloidis gan áireamh i measc ábhar Chontae Uíbh Fháilí i mBailiúchán na Scol. Is féidir cuardach a dhéanamh ar na scéalta ar fad ar dúchas.ie ag an nasc seo nó scoil ar leith sa chontae a roghnú ag an nasc seo. Tá clú agus cáil ar Chluain Mhic Nóis ar fud an domhain, agus tá neart scéalta faoin láthair eaglasta sin, agus faoi na toibreacha beannaithe, crosa, cloigthithe, agus séipéil atá inti san imleabhar a bhaineann le scoil Chluain Mhic Nóis.

  6. Scéalta 1916: Ról na mBan in Éirí Amach na Cásca

    5 Iúil 2016

    Bean a bhain cáil amach i ngeall ar a háilleacht agus a buanna mar bhanaisteoir ab ea Máire Nic Shiubhlaigh. Bhí sí ina ball de d’Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge ón 21 Feabhra 1900 ar aghaidh. Nuair a osclaíodh Amharclann na Mainistreach don chéad uair i ndiaidh na Nollag sa bhliain 1904, bhí an phríomhpháirt aici i ndráma Kathleen Ní Houlihan le W.B.Yeats agus chuir sí an lucht féachana faoi dhraíocht lena cumas aisteoireachta.

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.