Gaois

Comórtas Mheitheal Logainm.ie

Blog post is available in Irish only

Tá foireann Mheitheal Logainm.ie ag tabhairt cuireadh do dhaltaí iar-bhunscoileanna sonraí maidir le mionainmneacha i gceantar na scoile (nó in aice le háit chónaithe na ndaltaí) a ionchur ar Mheitheal Logainm.ie. Cuirfear na bailiúcháin is fearr ar phríomhleathanach an tsuímh agus déanfar iad a phoibliú ar na meáin shóisialta. Cuirfear duaiseanna de luach €300 agus €150 ar fáil don dá bhailiúchán is fearr. Beidh na duaiseanna le dáileadh ag an múinteoir/scoil.

Cad is mionainm ann? I gcomhthéacs an tionscadail seo, is ionann mionainm agus logainm nach bhfuil ina ainm riaracháin. I measc na mionainmneacha áirítear ainmneacha gnéithe fisiciúla, mar shampla, páirceanna, lochanna, aibhneacha, bánna, cinn tíre, oileáin, sléibhte agus cnoic, mar aon le hainmneacha gnéithe saorga, mar shampla, séipéil, mainistreacha, reiligí, droichid agus crosbhóithre. Sampla an-mhaith d’aicme mionainmneacha is ea na hainmneacha páirce.

Tá treoracha maidir leis an gcomórtas, taighde ar mhionainmneacha agus maidir le Meitheal Logainm.ie a úsáid ar fáil anseo. Bronnfar marcanna bunaithe ar fhianaise gur leanadh na treoracha sin. Ba cheart an fhoirm iarratais a líonadh agus í a sheoladh chuig logainm@dcu.ie roimh an spriocdháta: 20 Aibreán 2018. Go n-éirí go geal libh!