Gaois

Nuashonrú déanta ar na huirlisí geoshuímh ar Logainm.ie

Blog post is available in Irish only

Rinneadh nuashonrú teicniúil ar Logainm.ie le déanaí a chuireann go mór le hinchuardaitheacht shaibhreas an bhunachair. Mar chuid den fhorbairt seo, a rinneadh ar mhaithe le feidhmiúlacht na n-uirlisí geoshuímh a fheabhsú, cuireadh *c.*14,000 sráid nua leis an mbunachar agus cuireadh geochód le *c.*16,000 sráid eile a bhí sa bhunachar cheana.

Forbraíodh na huirlisí geoshuímh le cur ar chumas na n-úsáideoirí eolas a chur ar logainmneacha i gcomhthéacs na timpeallachta fisiciúla ina bhfuil siad. Go dtí seo, bhíothas in ann an uirlis Logainmneacha timpeall orm a scagadh de réir paróistí dlí, bailte fearainn, dúichí, ionad daonra, reiligí agus tithe. Cuireadh sráideanna as an áireamh ó na cuardaigh seo toisc nach raibh geochód curtha leo go fóill. Mar thoradh ar an nuashonrú is déanaí tá áthas orainn a fhógairt gur féidir na huirlisí geoshuímh a scagadh de réir sráideanna anois.

Nuair a bhaintear úsáid as na huirlisí geoshuímh anois, is féidir an scagadh nua a chur i bhfeidhm agus taispeánfar na sráideanna atá thart timpeall ort ar an léarscáil. Anuas air sin, liostaítear na torthaí in ord cóngarachta amháin, rud atá níos iomasaí, mar a fheictear thíos nuair a bhain duine den fhoireann triail as an scagadh nua sna hoifigí s’againne i nDroim Conrach (tamall gairid sular cuireadh abhaile muid i ngeall ar an bpaindéim!).

Tá súil againn go mbainfidh sibh tairbhe as an bhforbairt nua seo agus sibh ag fiosrú cé na logainmneacha is spéisiúla atá thart timpeall orthu, pé áit a bhfuil sibh. Tá an uirlis seo úsáideach toisc nach féidir le húsáideoirí liostaí iomlána de shráideanna na tíre a fháil ar an suíomh go fóill, ach tá sé i gceist againn an fheidhmiúlacht sin a chur i bhfeidhm nuair a sheolfar an chéad leagan eile den suíomh.

Leantar den obair ar Logainm.ie le tuilleadh logainmneacha agus áiseanna idirghníomhacha a chur leis an suíomh ar bhonn leanúnach. Mar sin, coinnigh súil ar an mblag seo, ar an nuachtlitir agus ar mheáin shóisialta na dtionscadal éagsúil don nuacht is déanaí.

Údar: Cathal Burke