Obair na bliana 2017
18 Nollaig 2017
Ní áibhéil a rá go raibh 2017 gnóthach anseo in oifigí na dtionscadal.
18 Nollaig 2017
Ní áibhéil a rá go raibh 2017 gnóthach anseo in oifigí na dtionscadal.
13 Deireadh Fómhair 2017
Chaith Mairéad Willis dhá mhí ag obair in Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i gcaitheamh an tsamhraidh agus déanann sí cur síos sa bhlagmhír seo ar an obair a bhí idir lámha aici.
24 Lúnasa 2017
Cé go mbíonn cúrsaí níos ciúine san ollscoil i gcaitheamh an tsamhraidh, bíonn an fhoireann taighde anseo in Fiontar & Scoil na Gaeilge (FSG) ag obair leo go dícheallach i gcónaí. D’éirigh le baill den fhoireann freastal ar roinnt comhdhálacha le linn an tsamhraidh chun gnéithe éagsúla den obair agus den taighde a bhíonn idir lámha againn ó lá go lá a chur i láthair. Tugtar spléachadh sa bhlagmhír seo ar chuid den ábhar a pléadh in áiteanna difriúla le déanaí.
23 Márta 2017
Foilsíodh suirbhé bliantúil ar Gaois.ie i dtús na bliana chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. Is léir ó na torthaí go bhfuiltear sásta den chuid is mó leis an suíomh agus le feidhmeanna an tsuímh, ach in amanna ní thuigtear go bhfuil neart acmhainní éagsúla ar fáil ann. Déanfar iarracht eolas a scaipeadh i measc an phobail faoi na hacmhainní ar Gaois.ie le linn 2017!
24 Eanáir 2017
Rinneadh cur síos sa bhlagmhír seo ar Chorpas na Gaeilge Comhaimseartha nuair a seoladh é i mí Aibreáin anuraidh. Ní raibh ach 5.3 milliún focal sa chorpas an tráth úd ach táimid ag cur le hábhar an chorpais ó shin i leith – idir ábhar úr a bhailiú agus a thiomsú agus ábhar atá sa chorpas cheana a nuashonrú.
1 Eanáir 2017
Guíonn muid athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise ar ár léitheoirí go léir. Tar éis bliain ghnóthach anseo in oifigí na dtionscadal taighde – idir aistriú campais (go Campas na Naomh Uile, i nDroim Conrach), ceardlanna, comhdhálacha agus mórthionscadal nua sluafhoinsithe – tá muid ag tabhairt aghaidh ar 2017 agus ag tnúth lena bhfuil romhainn. Tugtar spléachadh sa bhlagmhír seo ar chuid dár bpleananna don bhliain úr.
23 Samhain 2016
Cíortar cuid na héagsúlachtaí idir an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla de Bhunreacht na hÉireann sa bhlagmhír seo.
7 Samhain 2016
29 Lúnasa 2016
Chaith Jack McGinn dhá mhí ag obair in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcaitheamh an tsamhraidh agus déanann sé cur síos sa bhlagmhír seo ar an obair a bhí idir lámha aige.
8 Aibreán 2016
Tiomsaíodh corpas nua, Corpas na Gaeilge Comhaimseartha, in Fiontar le déanaí agus is féidir teacht air ar an suíomh gaois.ie anois. Bailiúchán aonteangach téacsanna Gaeilge i bhformáid dhigiteach is ea Corpas na Gaeilge Comhaimseartha. Áirítear ann téacsanna Gaeilge a bhfuil eagarthóireacht déanta orthu agus a foilsíodh ó thús an 21ú haois i leith.
1 Feabhra 2016
Bailiúchán ilghnéitheach téarmaí is ea an bailiúchán Téarmaí as Ionstraimí Reachtúla (TIR) atá ar fáil ag www.gaois.ie/trm/ga/ – téarmaí nach bhfuil de cheangal eatarthu ach gur baineadh iad as Ionstraimí Reachtúla áirithe.
18 Eanáir 2016
Seoladh leagan nua den bhunachar téarmaíochta ar gaois.ie le déanaí.
7 Eanáir 2016
Guíonn muid athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise ar ár gcuid léitheoirí go léir. Tá muid dár gcroitheadh as ár suan anseo in Fiontar i ndiaidh shos na Nollag. Agus gach mac máthar ag caint ar dhea-rúin agus spriocanna don bhliain úr, shíl muid go mba thráthúil an rud é réamhspléachadh a thabhairt daoibh sa bhlagmhír seo ar chuid de na forbairtí atá beartaithe againn don bhliain seo romhainn.
23 Samhain 2015
Is é atá sa chorpas comhthreomhar ná bailiúchán téacsanna reachtaíochta i bhformáid dhigiteach. Téacsanna ailínithe is ea iad inar féidir cuardach a dhéanamh ar théama nó ar fhrása i nGaeilge nó i mBéarla. Gintear liosta torthaí bunaithe ar an gcuardach corpais agus is féidir torthaí an chuardaigh a fheiceáil le hais a chéile ar an scáileán.
10 Meán Fómhair 2015
Cuireadh leaganacha ailínithe de cheithre Acht nua leis an gcorpas comhthreomhar Béarla-Gaeilge de théacsanna reachtúla ar Gaois.ie le gairid.
30 Eanáir 2015
Agus 2015 faoi bhealach, tá áthas orainn a rá go bhfuil muid ag tosú amach ar chúpla conradh nua.