#298141
Bonn ór sna Cluihcí Oilimpeacha, sé Chraobh na hEorpa agus i mí an Samhna seo caite, bhuaigh Taylor a cúigiú Chraobh an Domhain sa Chóire Theas, ag cothromú curiarracht Mary Kom.
Bonn ór sna Cluihcí Oilimpeacha, sé Chraobh na hEorpa agus i mí an Samhna seo caite, bhuaigh Taylor a cúigiú Chraobh an Domhain sa Chóire Theas, ag cothromú curiarracht Mary Kom.
Ciallaíonn an bua inniu nach bhfuil troid caillte ag bean Bhré i gCraobh an Domhain ó 2006 agus tugann an cúigiú chraobh cothrom í leis an Indiach, Mary Kom, mar an bandornálaí is rathúla i stair Chraobh an Domhain.
Fuair Katie Taylor an ceann ab fhearr ar Yana Allekseevana as Poblacht na hAsarbaiseáine sa chomórtas 60kg Bhronn na réiteoirí na scóranna seo a leanas: 40-36, 39-37, 39-37 i bhfábhar Katie Taylor. Tá an Seaimpín Oilimpeach ó 2012 cothrom anois le Mary Kom na hIndia le 5 craobh dhomhanda. Thréaslaigh Uachtarán na hÉireann, Micael D Higgins leí á rá gurb í Taylor an bhean spóirt Éireannach is iomráití dá glúin féin. Dúirt sé go bhfuil caighdeán leagtha aici do na glúnta atá le teacht.