#798368
Éirí gréine, aiséirí dóchais.
Éirí gréine, aiséirí dóchais.
Uaidh sin an briathar ‘orientari’ agus ‘oriens’ (ortus soli: éirí gréine).
Bhí sé ceaptha a bheith ar an mbóthar roimh éirí gréine.
Lean an spraoi go dtí éirí gréine.
Iníon ag teacht in inmhe sínte ina codladh, iníon a raibh solas éirí gréine ina héadan chuile mhaidin gur thosaigh sí ar chuma striapach chúlshráideanna Pháras na Fraince a chur uirthi féin.
Thuigeas, dar liom, cá raibh an tOspidéal suite agus bhí seaneolas agam ar threo an éirí gréine ó mo laethanta bádóireachta ar an Loch.
Ag éirí gréine tháinig beirt bhall den Gharda Síochána ag spaisteoireacht anuas an cosán in aice na trá, a gcuid caipíní leofa ina lámha is toitíní á gcaitheamh acu.
Dhá uair an chloig roimh éirí gréine arna mhárach, bhí scór de phlúr na ngaiscíoch óg faoi réir agus faoi rún ar chúl na ceártan.
D’fhanfadh sé go dtí an uair roimh éirí gréine, am a mbíonn fuinneog ar an saol eile, an uain ghearr a mbíonn teagmháil idir an saol seo agus an saol síoraí.
Mar a bheadh fíor-éirí gréine ann, tosaíonn an lampa solais ag lonrú ag leibhéal íseal leathuair sula mian leat a bheith múscailte, go dtí go bhfuil sé ina mhaidin bhreá gheal sa seomra codlata, is cuma cén sórt aimsire atá taobh thiar de na cuirtíní.
Rinne sí cur síos chomh maith is a bhí sí in ann ar éirí gréine na maidne agus thug cuireadh dó teacht amach len í a fheiceáil chomh luath in Éirinn is a d’fhéadfadh sé.
Tá na seirbhísí éigeandála i mbun cuardaigh ó bhí éirí gréine ann ar maidin inniu de fhear óg ocht mbliana is fichid d'aois a tarrangaíodh amach leis an lán mhara tráthnóna inné amach ó chósta Bhun Dobhráin.
Is dá réir sin nach mbaineann filíocht nó ceol nó scéalta nó aislingí nó bláthanna nó rince trá nó siúl ar na sléibhte nó briota gaoithe id chuid gruaige nó greann dubh maidne nó leann dubh iarnóin nó dinnéar beirte nó coinnle ar uisce nó mus an chrom cinn nó focal nua nó boladh leabhair úir nó bóthar casta nó gealach shalach nó foirgneamh ar imeall na slí nó gáire linbh i lár na doircheachta nó seanphota rua nó iarmharacht éirí gréine leis an saol réalaíoch.
An Satharn dar gcionn ceiliúradh an pósadh agus ón lá sin amach bhí Séamas Ó Stoic agus Treasa Ní Chonchubhair amach ar a n-aghaidh féin, i muinín a sláinte agus a gceirde, ag taisteal bóithre agus cosán, mín agus garbh, ó éirí gréine go fuineadh néal nóna.
Dhúisíos díreach roimh éirí gréine agus nuair a d’fhéachas amach an fhuinneog mheasas gur os cionn na Mara Rua a bhíomar; níorbh ea ach ag féachaint ar log sa bhrat scamaill a bhí fúinn thíos.
Féachaint le Marcaíocht ============ Bhíomar i mbun na hoibre ó éirí gréine.
Cuardach fós ar bun d'fhear a bhí ag snámh Tá na seirbhísí éigeandála i mbun cuardaigh ó bhí éirí gréine ann ar maidin inniu d'fhear óg ocht mbliana is fichid d'aois a tarrangaíodh amach leis an lán mhara tráthnóna inné amach ó chósta Bhun Dobhráin.
D’fhonn an scéal a athbheochan i gcuimhne an léitheora béarfad an blaise seo dó: ‘Bhíodh sé leis féin sa mboith bhig i lár na coille craobhaí ar bhruach an tsruthláin chrónánaigh ag obair agus ag síorobair ó éirí gréine go teacht oíche; is minic a bhíodh torann a chasúir le clos sa doire agus na héanlaith ina suan; agus leagadh sé a oirnéis uaidh agus shuíodh sé comhgarach dá shaothar á scrúdú agus ag machnamh air … thigeadh na héanlaith oíche amach agus é sa mhachnamh sin, agus nuair a lasadh sé a lóchrann bhailíodh mionmhíolta sciathánacha na coille timpeall ar a bhoith, agus thigeadh cuid acu isteach ar an doras chuige, agus cheapadh an saothraí gur ag adhradh a shaothair a bhídís.’ Féach gur abairt amháin atá sa chúntas taibhseach san uile, níos sia fiú ná an ceann a chuir tús le Neill.