#1760922
I 2003 cuireadh an cás faoi bhráid Choimisiún na hAfraice um Chearta an Duine agus um Chearta Pobal (ACHPR).
I 2003 cuireadh an cás faoi bhráid Choimisiún na hAfraice um Chearta an Duine agus um Chearta Pobal (ACHPR).
I gcinneadh a rinne an ACHPR anuraidh is a d’fhaomh Aontas na hAfraice níos luaithe i mbliana, glacadh leis gur sháraigh rialtas na Céinia cearta an phobail dhúchais Endorois nuair a díshealbhaíodh iad chun anaclann dúlra a chur ar bun.
Rud amháin eile a d’áitigh ar an ACHPR, go raibh ceart na nEndorois chun forbartha sáraithe ag rialtas na Céinia ná nach ndeachthas i gcomhairle leis an bpobal dúchais faoin athrú ábhalmhór a rinneadh ar a n-áit dúchais sna seachtóidí.
D’ordaigh an ACHPR do rialtas na Céinia tailte a sinsear a thabhairt ar ais do na hEndorois is an éagóir atá á déanamh orthu le beagnach dhá scór bliain anuas a chúiteamh leo.
Filleadh ar an bhFód Dúchais Fasach eile a bhí i gcinneadh an ACHPR ná tuairim an Choimisiúin go bhfuil ceart ag pobail dhúchais chun forbartha is gur sáraíodh ceart na nEndorois chun forbartha.