#1910845
Craoladh tuairisc faoin gcarthanacht AHAR ar an gclár Clare Byrne Live ar RTE aréir.
Craoladh tuairisc faoin gcarthanacht AHAR ar an gclár Clare Byrne Live ar RTE aréir.
Chraol Aonad Fiosrúcháin RTÉ tuairisc faoin charthanas Animal Heaven Animal Rescue (AHAR) ar an chlár teilifíse Claire Byrne Live aréir.
Dúirt Príomhfheidhmeannach an Rialálaí Carthanas John Farrelly in agallamh ar Morning Ireland ar RTÉ ar maidin gur cuireadh srianta i bhfeidhm ar AHAR.
Smachtbhannaí ar AHAR Ta an rialtóir carthanas taréis smachtbhannaí a chuir i bhfeidhm láithreach ar an gcarthanacht AHAR, carthanacht a thugann dídean agus aire do aimhnithe le seoladh in Oileán Ciarraí i gcontae Chiarraí.
Léiríodh droch-rialachas corparáideach agus rialú airgeadais in AHAR sa tuairisc. Faoin Alt 47 d'Acht na gCarthanas 2009 tá sé de dhualgas ar gach carthanas leabhair chuntas chuí a choinneáil.
Tá sé de chumhacht ag an Rialálaí Carthanas an dlí a chur ar an charthanas mura gcloíonn siad leis na coinníollacha a dúirt sé. Thug John Farrelly le fios gur ghlac iontaobhaithe AHAR le foláireamh an Rialálaí Carthanas inné.