#269158
Tarrtháladh na céadta imirceach ón mBanglaidéis agus imircigh Rohingya i gcúige Aceh in Iarthuaisceart na hIndinéise. Deir oifigigh go dtángathas ar 500 duine ar an bhfarraige agus gur tugadh chun na mórthíre iad i mbáid bheaga. Tugadh na himiricigh i dtír i mbaile Kuta Binje i gcúige Aceh. Chuaigh an bád in raibh na himircigh ag taisteal ar iarraidh os cionn trí lá ó shin i ndiaidh go bhfacthas an bád amach ó chósta na Téalainne. Threoraigh Udaráis na Téalainne an bád ó uiscí na tíre, ag maíomh go raibh na himircigh ag iarraidh taisteal go dtí an Mhalaeisia. Bhí imní ann do na himircigh nuair a cailleadh teagmháil leis an árthach déanach Dé Sathairn. Tá os cionn 350 duine tugtha i dtír ag iascairí áitiúla agus tá siad ag clarú leis na hÚdaráis inimirce. Tá os cionn 2,000 imirceach anois tar éis teacht i dtír sa Mhalaeisia agus san Indinéis i ndiaidh dóibh a bheith ag síobadh ar an bhfarraige ar feadh seachtainí.