#337935
‘Ba ba ba ba,’ a dúirt an gasúr arís agus tuilleadh díocais air an uair seo.
‘Ba ba ba ba,’ a dúirt an gasúr arís agus tuilleadh díocais air an uair seo.
Ní chuirfinn an cheist ach amháin go ngabhfainn i mbannaí air gurb éard a bhí ráite aige ná “ba ba ba ba-ba ba”.
Ba é Chloistí, an té ba shine, ba thúisce a labhair:
Ba bheag duine, ba bheag tír, ba bheag cás nach raibh rud éigin le foghlaim uaidh.
Ba dheacair a shéanadh nach buntáistí polaitíochta inmheánacha ba mhó ba chúis leis an mbriseadh seo.
Ba dheas, ba chuí agus ba mhothúchánach an slán a fágadh leis.
Ba é an buachaill ba bhreátha agus ba dóighiúla a tháinig isteach go pobal na Rosann.
Ba é an cineáltas an bua ba mhó agus ba shuntasaí a bhí aici.
Ba é an duine ba shine de thriúr é agus cailíní ba ea an bheirt eile.
Ba shin an fear ba thábhachtaí agus ba staidéartha san iothlainn.
Ba í an fhuaim ba mhó is ba shuntasaí í i gciúnas na cistine.
Ba iad na ciceanna gearra amach ba mhó ba chúis le fadhbanna na Gaillimhe.
Nuair ba mhó an cath ina theas, ba chumasaí agus ba chiallmhaire an Gooch.
Ní ba thromchúisí, ní ba mheasa, ní ba shuaraí: do-ghlactha.
Ba ghá bheith cúramach; ba ghá bheith glic; ba ghá bheith slítheánta.
Iad de shíor ag lorg an bháid ba mhó, ba dheise, agus ba shómasaí.
Ba iad an bheirt ba dheireanaí ba mhó a thuill clú sa baseball.
Ba é Séamus an ceathrú duine ba shine, agus an buachaill ba shine, sa teaghlach.
Ba iardhalta ar @gsliosnanog & @colaiste_eoin é, ba Ghael é & ba chara linn é.
Ba é an geimhreadh ba mheasa, ba dhéine agus b’fhuaire i gcuimhne na ndaoine.
Tharraing siad chucu na leithscéalta ba sháimhe ba shéimhe agus ba shibhialta.
Ba léir gur tháinig an focal amach ní ba láidre na mar ba mhian leis.
Ba é Eagrán 5 an ceann ba mhó is ba thoirtiúla, óir bhí 296 leathanach ann.
Ba é ba chúis ghearáin acu, dar leis, ná go mbeadh na feirmeoirí ba mhó pas beag ní ba mheasa as, agus a gcomhghleac aithe ba lú níos fearr as.
Ba iad na tráthnónta ba mheasa.
Bhí cuma ní ba theolaí ar an gcaifé, ní ba réchúisí ar na daoine.
Ach ba í ceist an innill ba lú a bhí ag cur as di.
Ba chuid dá meabhair é an caifé agus ba chuid den chaifé í a meabhair.
Ach ba é ba mhó ar thug sé suntas dó, an traochadh.
Ba é an t-inneall agus na prátaí an chuid ba dhéanaí den chath.
Ach ba é ba mheasa leis an ngarsún, é bheith sáinnithe idir an bheirt acu.
Ghoill doicheall ar Bhrian, ba chuma cad ba chúis leis.
Ba í Sophie ba thúisce a labhair.
Ba é Nathy ba thúisce a thagadh gach uair.
Ba dheacair dó a shocrú cé acu ba thúisce a dhéanfadh feall air, dá ndéanfadh.
Ar fhéachaint siar dó anois, ba é sin an botún ba mhó a dhein sé.
Ba eisean a rinne an chuid ba mhó den chaint.
Ba é an rud ba mheasa nach raibh aon searmanas sochraide acu di.
An rud ba ghaire don chroí ná an rud ba ghaire don bhéal.
Dar le Micheál ba é an réamhphleanáil an rud ba thábhachtaí.
Rud eile ba mhaith liom – ba mhaith liom go mbeadh Lucy sa bhaile.
Go deimhin ba í Salvador an chathair ba mhó ar mhórroinn Mheiriceá, Thuaidh agus Theas.
Ba mhaith ba chuimhin leis a chéad lá oibre.
Ba stócaigh muid, maistíní, coileáin fear – ach ba choileáin fear chiallmhara muid.
Ba eisean an duine ba ghile den seisear againn.
Ba í Eilís ba chúthaile den triúr.
Ach ba mhó ba chuimhin léi an choicís a lean.
Ba é sin ba mhó a bhí in aghaidh mholtaí a chairde aige.
Ba chosúil go raibh an bhábóigín ba lú ag magadh fúithi.
Ba iad ba mhó a raibh ardmheas riamh orthu i gcaint na Gaeltachta.