#273368
I mí Meithimh seo caite mhol an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais go n-íocfaí oibrithe don tréimhse idir 2012 agus 2014.
I mí Meithimh seo caite mhol an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais go n-íocfaí oibrithe don tréimhse idir 2012 agus 2014.
Maíonn an Rialtas nach mian leo a ladar a chur sa scéal, gur fearr an idirbheartaíocht a fhágáil faoin Chúirt Oibreachais agus an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais.
Dúirt an ceardchumann gur cheart go mbeadh an t-airgead íoctha leo roimhe seo agus go raibh siad tarraingthe isteach i gconspóid pholaitiúil nach raibh aon neart acu air. Dúirt Ervia, máthairchomhlacht Uisce Éireann gur comhréiteach atá sa mholadh a rinne an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais inniu.
Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Dlí agus Cirt gur socraíodh na rialacha nua seo i mí Feabhra 2015 agus go raibh próiséas comhairliúcháin i gceist leis na páirtithe leasmhara go léir, an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais san áireamh.
Seo hé an dara lá de ghníomhaíocht thionsclaíoch de bharr aighneas idir thiománaithe traenach agus Iarnród Éireann faoi uainchláracha agus íocaíocht as táirgíocht atá bainte amach cheana. Dermot O'Leary, NBRU Tá na cainteanna ag leanúint idir baill SIPTU, NBRU agus Iarnród Éireann ag oifigí an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais féachaint an féidir teacht ar réiteach. Ciarán Masterson, Iarnród Éireann Dúirt Bainisteoir Acmhainní Daonna Iarnród Éireann, Ciarán Masterson go mbeadh na toscairí ar fad ag obair go dian leis an mbearna idir bhainistíocht agus na ceardchumainn a dhúnadh. Deir na ceardchumainn go bhfuil uaireanta oibre na dtiománaithe traenach ag croí-lár an aighnis, agus nach gcuirfidís tuilleadh gníomhaíochtaí tionsclaíoch as an áireamh muna n-éireodh leis na cainteanna seo. Cuirfidh an stailc isteach ar 40,000 paisinéir.