Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

1 toradh i ndoiciméad amháin

  1. #1007809

    Ach deir Airteagal 3.1 den chairt: “Sonróidh gach Stát Conarthach ina ionstraim daingniúcháin, glactha nó formheasa gach teanga réigiúnach nó mionlaigh, nó teanga oifigiúil nach n-úsáidtear chomh forleathan ar a chríoch ar fad nó ar chuid dá chríoch, ar a mbeidh na míreanna arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 2(2) infheidhme.” (Liomsa an cló Iodálach) Thairis sin, deir Airteagal 4.2: “Ní dhéanfaidh forálacha na cairte seo difear d’aon fhorálacha níos fabhraí maidir leis an stádas atá ag teangacha réigiúnacha nó mionlaigh, ná an córas dlí atá ag daoine a bhaineann le mionlaigh a d’fhéadfadh a bheith ann i bPáirtí nó dá bhforáiltear i gcomhaontuithe idirnáisiúnta déthaobhacha nó iltaobhacha ábhartha.” Ba bhreathnadóir (le cead cainte) mé ar CAHLR (Comité ad hoc Langues Régionales), an coiste de chuid Chomhairle na hEorpa a dhréachtaigh an Chairt, agus féadaim a dhearbhú gur chun freastal go sonrach ar chás na Gaeilge a réitíodh foclaíocht Airteagal 3.1 mar atá sí.

    Tá an t-am ann an Chairt Eorpach a shíniú – Dónall Ó Riagáin