#808829
Tuigim do chrá Yeats, agus é ag fiaf- raí de féin ar dhráma leis fein a spreag “certain men the English shot”.
Tuigim do chrá Yeats, agus é ag fiaf- raí de féin ar dhráma leis fein a spreag “certain men the English shot”.
Cófra íseal le fuinneoga meas tú cén Ghaeil– ..., bhíodh Gaeilge againn ar chuile shórt, ach ní cuimhin liom ach na froganna ann, ceann gorm ag Dáls, ceann glas agamsa, no, ní glas a bhí sé ach uaithne, ní fíorfhrog a bhí ... fan, b’fhéidir gur glas ní hea uaith– ... a bhí ag Dál agus gorm agams– ... iarr air é, ní hé iarr ach fiaf– ..., fiafraigh le ceist, nach ea, iarr gan é a rá i gceart, abair i gceart é, ná déan botún os a chomh– ... an aithneodh, an gcuimhneodh gur ar shléibhte Chill Mhantáin a fuair John Joe, a cheannaigh sé iad i siopa beag ó sheanbhean, beag, beainín, dúidín, geaincín, an bhfaca tú na spéaclaí ar a geanc?