Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

11 toradh in 11 doiciméad

  1. #1312482

    Is minic a fheicimid an melisma sna ceoldrámaí chun feabhas an amhránaí a léiriú go háirithe sa Messiah le Handel.

    Tá glór i mo chluasa agus ní maith liom é – Declan Collinge

  2. #994269

    Agus i 2012, dhá léiriú an-éagsúil a fhanfaidh i gcuimhne an lucht éisteachta a raibh sé d’ádh orthu bheith i láthair, dream beag i séipéal Naomh Werburg ag Semele le Handel a rinne mic léinn an Acadaimh Ríoga an Cheoil agus Institiúid Theicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus Tristan und Isolde le Wagner in Amharclann an Bhoird Gháis, a raibh 100 bliain ann ó léiríodh in Éirinn é.

    Ceoldrámaí na cathrach – Éilis Ní Anluain

  3. #1001170

    Go deimhin féin, is beag duine a éisteann le Messiah Handel gach Nollaig ina ghiotaí gearra a bhfuil a fhios acu gur saothar é a mhaireann dhá uair an an chloig, agus dá mhéid is a sheolann an tAililiú mé go cranna na spéire is a ghluaiseann ar eití an aeir sinn, braithim i gcónaí go bhfuilim ar nós an té a phiocann na risíní as an gcíste milis nó an mharcaigh a léimeann ar dhroim an chapaill nuair atá an duais in aice láimhe.

    Ar eití an aeir – Alan Titley

  4. #1045490

    Agus slán a fhágáil againn le gach ainnise a bhain leis na laethanta roimh ré an Nua-Aoiseachais is féidir linn tuiscint do chumadóirí bochta ceoil a mhair san Eoraip faoi scáth an aineolais san 18ú agus sa 19ú aois, iad siúd go raibh sé de mhí-ádh orthu bheith beo nuair a bhí reiligiún á chleachtadh go forleathan, leithéid Johann Sebastian Bach, Beethoven, Berlioz, Brahms, Elgar, Handel, Hayden, Mahler, Mendelsshon, Mozart, Schubert, Schumann, agus go leor eile.

  5. #1730759

    A fhaid is a bhí na Sasanaigh ag ceiliúradh a mbua i gcoinne na hAirgintíne, istigh sa bhfuarán ar an gcearnóg, bhí mise istigh san eaglais bheag cháiliúil seo ag brionglóid faoi neamh agus an saol draíochta le ceol binn Vivaldi, Handel agus cumadóirí comhaimseartha.

  6. #1312777

    “Is measa go mór ná a bheith déanach don chruinniú,” arsa mise go táimeáilte, “abraimis tinneas fiacaile….nó go deimhin féin pian sa tóin…nó ina dhiaidh sin gur fhág tú do chóipleabhar sa bhaile, nó gur ith do mhadra na slipéirí, nó go bhfaca tú Fair City, nó gur dhúisigh Ryan Tubridy tú ar maidin, nó gur chuir tú geall ar pheileadóirí Chill Chainnigh chun cluiche a bhuachan, nó nach raibh d’ábhar léitheoireachta agat ach an Indipindint, nó “Gráin éagmaise, luch sa bhainne ar maidin, dealg dóibe, an doircheacht i lár an lae, eascoinn a bhfuil gruaig orthu, an fhírinne gharbh, aingil ag rince ar bhiorán, stól dhá chois, leabhar Francach a bhfuil na leathanaigh ceangailte ann agus tú ar díth siosúir, béal gan oideas, dealbh gan chloigeann, gaineamh idir ladhracha na gcos, bláth gan ghas, mil shearbh, “Beach sa bhríste, cónra fholamh sa chúinne don namhaid is measa atá agat a shacadh isteach ann ach gan teacht air, airgead cam, Bush eile, beoir leamh, aon leathbhróg aonair shingilte amháin, gan trácht ar “Drochsheasamh, tuar ceatha bán, tráthnóna fliuch in Buiríosa Léith, amhrán roc ó Daniel O’Donnell, Pat Spillane ag iarraidh a bheith go deas, fiacail leipreacháin, préachán ag snámh sna calóga arbhair, clúidín nár athraíodh le trí lá anuas, an curaí a gheofá ar eitleán san India, úrscéalta uile Jane Austen ar oileán fásaigh agus gan agat ach iad, gunna gan philéir mar bhreis air sin, smugaí tirime sa leaba, “Buíocán uibhe ar do léine bhán, poll péiste san úll, sceallóg sa bhabhla siúcra, Handel as tiún, glogar ar snámh sa phionta, leabharlann iomlán de shaothar Jean Paul Sartre, feoilséantóir ag an mart, prátaí úra glasa um Nollaig, nóiníní buile ar réileán gailf, fíge a bhfuil craiceann mín air, mozarrella daite, ní áirím “Botúin na hoíche aréir, greann na Fionlainne, nod gan eolach, an rud a thug an madra isteach, an fhiacail a bhris an focal maith, huncaí gan deoraí, óráidí fada ag bainis, cantaireacht na bhfrog lasmuigh den fhuinneoig, coileán ar mhenu, boladh na maidne sa seamlas, féasóg chíche, hataí na mban ag Baile na Lobhar, malaí maola, cuileoga ramhra ag siúl ar do phláta, na trí muc ó gcorra, suíochán de chuid Ryanair, an ticéad sin de chuid an chrannchuir náisiúnta a chuir tú i bhfolach in áit shábháilte, paidrín fada an chneámhaire, tufóg ag béile galánta, tromluí a fíoraíodh, seoda El Dorado, aiste bia min sáimh, guma coganta greamaithe den chathaoir, bikini san Antartach, agus gan amhras ar bith “Tigh tábhairne gan leann, gruaig ghlúine, banana lofa i dtóin an mhála scoile, síoda ar ghabhar, leathshúil Cyclops, Sam i gCiarraí, droichead gan bhruach, liathróid phollta gan chara, spéaclaí tóinbhuidéil ar leanbh, tvuítear an Trumpa, easpa chnaipe ar phlapa, póg ó shrónbheannach, cos ghairid faoin mbord, gaois thiománaí taxi, béile iomrascálaí Sumo, leamhan sa bhuidéal, túr de phizza, seordán sa tuí, méar san anraith, sciorta den mhí-ádh, corpán na hainnise, véarsa eile fós de bháidín Fhéilimí, páipéar scrúdaithe nár oscail tú fós, an aimsir in Bergen, glae sa tsrón, uaireadóir ar leathláimh, baincéir ag gáire, teoiricí síceolaíochta Freud, treoracha tógála bréagán maidin Nollag, paicéad nach féidir a oscailt… “Is ea, is dóigh liom go bhfuil go leor nithe níos measa ná a bheith déanach don chruinniú…ach ar eagla nach leor iad, tá an ceathrú háit, an…”

    Níl aon rud is measa ná... – Alan Titley