#774436
Tá léann agus oideachas an fhile le sonrú go soiléir i ndánta éagsúla mar a dtarraingíonn sé, ar shlite éagsúla, ar thraidisiún liteartha na Gaeilge ‘Cé Dúirt’ (IB: 1), ‘Mise Éire’ (IB: 13), ‘Ceacht Staire’ (DT: 47), ‘Dar an Leabhar Breac’ (CC: 47) agus ‘In Memoriam Áine Nic Chárthaigh’ (SG: 35), mar shampla.