#886093
In aois seo an IDM (ceol cliste rince - intelligent dance music), a dhírítear ar an inchinn is ar cheimiceáin na fola, agus na n-amhrán ‘tráchtála’ a bhíonn ár mbodhrú i ngach ollmhargadh mar fhógraíocht mhiangasach ar mhaithe leis an tomhaltachas, is faoiseamh neamhchoitianta é guth cheolaí óig ag canadh ar nithe níos doimhne, gan cur i gcéill, gan sotal, gan de bhrabús á lorg aige ach a bhfuil tuillte ag blianta fada ag casadh ar an tsráid.