#845984
Ba mhór an rud é ballraíocht sa League of Nations a bhaint amach; ba mhór an rud é a ndearna an Stát chun an Comhlathas Briotanach a leathnú i ndeireadh na bhFichidí; ba mhór an rud é caomhnú na neodrachta míleata idir 1938 agus 1945; ba mhór an rud é diúltú do bhallraíocht i gConradh an Atlantaigh Thuaidh i 1949; ba mhór an rud é dul isteach sna Náisiúin Aontaithe i lár na gCaogadaí; ba mhór an rud é ballraíocht a ghlacadh sa Chomhargadh Eorpach (AE anois) i 1972.