#754084
Tá aird tarraingthe ag tuarascáil an Ard Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an dóigh ar cuireadh luach ar an mhaoin agus ar an mhargaíocht a rinneadh roimh ré. Thug bainc Éireannacha £4.6 billiún ar iasacht d'fhorbróirí sa Tuaisceart, cheannaigh NAMA na hiasachtaí ar £1.9 billiún sular dhíol siad iad ar £1.3 billiún le comhlacht as Meiriceá, Cerberus, i 2014. Deir an tuarascáil nach bhfuil aon fhianaise ann go raibh sé i gceist ag NAMA a gcuid maoine uilig i dTuaisceart Éireann a dhíol i bpunann amháin go dtí gur scríobh comhlacht dlíodóirí as Meiriceá, Brown Rudnick, chucu thar ceann an chomhlachta infheistíochta Pimco i Meitheamh 2013 agus iad ag tairiscint margadh eiseach. Léirítear sa tuarascáil gur tharraing Pimco amach as an phróiseas i Márta 2014 i ndiaidh dóibh NAMA a chur ar an eolas faoi híocaíocht a bhain le Brown Rudnick, comhlacht dlíodóirí d'arbh ainm Tughans agus iar bhall de Choiste Comhairleach NAMA i dTuaisceart Éireann. Thángthas ar £7 milliún ansin i gcuntas ar Oileán Mhanann a raibh smacht ag comhpháirtí bainistíochta i Tughans, Ian Coulter, air. D'éirigh seisean as a phost nuair a thángthas ar an airgead. Deir NAMA nach nglacann siad leis an mhéid atá sa tuarascáil.