Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

31 toradh in 15 doiciméad

  1. #892146

    Tá sé ráite ag John Delaney le Comhairle Óilimpeach na hÉireann go bhfuil sé ag seasamh siar óna Leas-Uachtarántachta den OCI.  Tagann a chinneadh sna sála ar Shamhradh chorraitheach don eagraíocht - Samhradh inar gabhadh Uachtarán an OCI, Pat Hickey in Rio de Janeiro na  Braisíle agus é faoi amhras go raibh baint aige le díol ticéid do na cluichí Óilimpeacha go héagórach.  Tá Hickey fhéin tar éis seasamh ar leataoibh ón OCI fad agus atá na fiosrúcháin ar bun agus é ráite go sonrach in ráiteas Delaney nach raibh aon bhaint dá laghad aige le díol ticéid do na cluichí in Rio.

  2. #753250

    Nochtaigh póilíní atá ag fiosrú mídhíol ticéid Óilimpeacha, comhfhreagras ríomhphoist idir Uachtarán Chomhairle Óilimpeach na hÉireann, (OCI) Pat Hickey agus Marcus Evans ón gcomhlacht THG faoi thicéid Óilimpeacha.  Maíonn póilíní Rio gur éascaigh an OCI bealach le ticéid Óilipmpeacha a aistriú chuig an comhlacht THG lena ndíol ina dhiaidh sin bíodh is narbh é THG an comhlacht a bhí dlite le riar ticéid na hÉireann a láimhseáil.  Sa chomhfhreagras, maítear go ndeir Hickey go raibh farasbarr ticéid ag an OCI do shearmanais oscailte agus dúnta na gcluichí agus á rá le Marcus Evans go bhféadfadh sé iad ar fad a úsáid dar mhaith leis.  D'fhreagair Evans é, á rá gur cheap sé go raibh a dhóthain ticéid aige ach go dtrialfadh sé iad a dhíol mar sin féin.  Tá Hickey tar éis seasamh ar leataoibh óna ról mar Uachtarán ar an gComhairle fad agus atá fiosrúcháin ar bun.

  3. #753161

    Tuairiscítear freisin go bhfuil póilíní na Brasaíle ag lorg pasanna Willie O'Brien, Uachtarán gníomhach an OCI faoi láthair; Oifigeach de chuid an OCI, Linda O'Reilly; chomh maith le Príomhfheidhmeannach Chónaidhm Peile na hÉireann,(FAI) John Delaney.

  4. #893149

    Tá sé ráite ag urlabhraí de chuid Chomhairle Óilimpeach na hÉireann (OCI) nach bhfuil an Chomhairle le banna de luach €410,000 a íoc le húdaráis na Braisíle d'fhonn cead a ligean abhaile do Pat Hickey.  Shochraigh údaráis na Braisíle go bhféadfadh Hickey - Uachtarán na Comhairle ach atá tar éis seasamh ar leataoibh ón gcúram - filleadh abhaile ionas go bhféadfadh sé cóir leighis a fháil do ghearán croí atá aige.  Dúirt an t-urlabhraí gur scéal pearsanta atá ann do Hickey bíodh is go bhfuil an OCI ag íoc as comhairle dlí Hickey.

  5. #752822

    Dúirt an tAire Iompair,Turasóireachta agus Spóirt Shane Ross go mbeidh sé ag bualadh le hUachtarán Chomhairle Oilimpeach na hÉireann,(OCI) Pat Hickey i Rio arú amárach.

  6. #753125

    Tá Comhairle Oilimpeach na hÉireann (OCI) tar éis coiste a bhunú i dtaca lena fhiosrúchán faoi scannal na dticéad ag na Cluichí Oilimpeacha i Rio sa Bhrasaíl.

  7. #753152

    Tá Pat Hickey éirithe as a chúram go sealadh mar Uachtarán ar Chomhairle Oilimpeach na hÉireann (OCI) anseo i bhfianaise líomhaintí bainteach le díol ticéid go mídhleathach thall ansin.

  8. #753275

    I Rio aréir mhaigh póilíní gur éascaigh an OCI bealach le ticéidí Óilipmpeacha a aistriú chuig an comhlacht THG lena ndíol ina dhiaidh sin bíodh is narbh é THG a bhí ceaptha le riar ticéid na hÉireann a láimhseáil.  Sa chomhfhreagras, maítear go ndeir Pat Hickey, a sheas ar leataobh óna ról mar Uachtarán ar an Chomhairle fad agus atá fiosrúcháin ar bun go raibh farasbarr ticéid ag an OCI do shearmanais oscailte agus clabhsúir na gcluichí i Rio agus gur thug sé le fios do Marcus Evans ó THG go dtiocfadh leis iad ar fad a úsáid dar mhaith leis.  D'fhreagair Evans, is cosúil, go raibh a sháigh ticéidí aige ach go ndéanfadh sé iarracht iad a dhíol.

  9. #1168662

    Tá Sarah Keane, Príomhfheidmeannach Swim Ireland, tofa ag Comhairle Oilimpeach na hÉireann (OCI) mar Uachtarán ar an eagraíocht.

  10. #1295678

    Bhí cuireadh faighte freisin ag Príomhfheidhmeannach Sport Ireland John Treacy agus Cathaoirleach Sport Ireland Kieran Mulvey, chomh maith le hIar-Uachtarán Chomhairle Oilimpeach na hÉireann (OCI), Pat Hickey.

  11. #752828

    Ag labhairt dó le RTÉ ar maidin dúirt an tAire Shane Ross go raibh sé muiníneach go raibh an OCI gníomhach ag iarraidh a dhéanamh amach céard a tharla.  Níos túisce d'iarr Timmy Dooley, urlabhraí Fhianna Fáil ar Ghnóthí Cumarsáide, Comhshaoil agus Acmhainní Nadúrtha go ndéanfaí fiosrúchán neamhspleách faoin scannal seo.

  12. #753132

    Ghlac siad seilbh ar thicéid nach raibh úsáidte, chomh maith le gutháin phóca, ríomhairí glúine agus roinnt pasanna.  Tá na póilíní sa tóir freisin ar na pasanna atá ag triúr ball eile den OCI.

  13. #755243

    Bhí iar-Uachtarán Chomhairle Oilimpeach na hÉireann (OCI) ar an gcoiste iarratais ach gabhadh é le linn na gCluichí Oilimpeacha agus caimiléireacht i dtaca le díol na dticéad dona cluichí curtha ina leith.

  14. #752790

    Uachtarán an OCI, Pat Hickey Ach in agallamh a thug Donovan Ferreti, stiúrthóir na dticéad thall i Rio, dúirt sé go bhfuil an lucht eagraithe ansin tar éis scríobh chuig an gcomhlacht Pro 10 Management, atá lonnaithe i Leamhcán i mBaile Átha Cliath ag lorg míniú maidir lenar tharla.

  15. #752827

    Uachtarán an OCI, Pat Hickey Tá roinnt fiosrúchán ar bun anois ag na húdaráis thall sa Bhrasaíl, ceann coiriúil san áireamh, maidir leis an scannal seo.

  16. #753155

    Ceannceathrú an OCI in Éirinn Dúirt dlíodóirí thar ceann Pat Hickey inniu nach bhfuil aon fhianaise ná cruthúnas ann i dtaca leis na cúiseanna atá curtha i leith a gcliant.