#1401987
Is éard is brí le PCK, ná eolas ina bhfuil cumasc de shaineolas ábhair le scil oideolaíoch a thagann chun cinn sa teagasc agus san fhoghlaim bhríoch.
Is éard is brí le PCK, ná eolas ina bhfuil cumasc de shaineolas ábhair le scil oideolaíoch a thagann chun cinn sa teagasc agus san fhoghlaim bhríoch.
Nuair a bhíonn ardchaighdeán PCK ag an múinteoir teanga, bíonn dea-thionchar aige ar thorthaí foghlama sa rang (Evens, Elen, Depaepe, 2016).
Sonraítear léireolas ar an teanga teagaisc mar chuid amháin de PCK an mhúinteora éifeachtaigh teanga (Andrews, 2007).
Níor mhór béim ar leith a chur ar ardchaighdeán PCK a fhorbairt i measc na mac léinn.
Eascraíonn moladh ón taighde gur chóir sainchúrsa gramadaí a dhearadh do MFO sna hinstitiúidí oideachais a rachadh i dtreo ardchaighdeán PCK a fhorbairt i measc múinteoirí Gaeilge.
Baintear úsáid as an gcoincheap ar ghlaoigh Shulman (1986, 1987) eolas ábhair oideolaíoch (pedagogical content knowledge, nó PCK) air, le plé a dhéanamh ar an gcineál eolais ábhair a bhíonn de dhíth i suíomh an teagaisc.