Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

54 toradh in 19 doiciméad

  1. #1341435

    Seo é an rún a bhí ann: ‘Glacaimse leis an bprionsabal gur cheart do pháirtí an SPD a dhul i mbun cainteanna leis an CDU-CSU [Merkel-Seehofer] le comhrialtas a chur ar bun go ceann ceithre bliana.’ Ní hiontas ar bith an díocas a bhí ar cheannaire an SPD.

  2. #1342148

    Teastaíonn ón SPD (agus óna gceannaire Martin Schultz go háirithe) go gcuirfí dlús leis an iarracht tuilleadh cumhachta a thabhairt don Aontas, agus tacaíonn uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, leis sin.

  3. #1344672

    Níl siad sásta ach an oiread leis na moltaí atá á gcur chun cinn ag Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, agus ceannaire na nDaonlathach Sóisialta sa nGearmáin (SPD), Martin Schulz, Tá an bheirt sin go láidir ar son dlús a chur leis an bpróiseas láraithe san Aontas, agus aithníonn tráchtaire Eorpach an Financial Times, Wolfgang Muenchau, gur sa treo sin a bhrúfar an tAontas má ghlacann an SPD leis na moltaí faoi rialtas nua na Gearmáine.

  4. #1286933

    Seo iad na figiúirí le trí thoghchán anuas ar mhaithe le comparáid: comhpháirtí an rialtais, an CDU-CSU – 34%, 41%, 33% i 2009, 2013 agus 2017 faoi seach; SPD – 23%, 26%, 21%; FDP (Páirtí an Rachmais) – 15%, 4.8%, 11%; Die Linke (An Páirtí Clé); 11%, 8%, 9% i 2009, 2013 agus 2017 faoi seach.

  5. #1335470

    Anois tá ceannaire an SPD sa nGearmáin, Martin Schulz, i ndiaidh coinníoll a leagan síos i dtaobh an chomhrialtais nua le Angela Merkel – go mbeadh conradh nua ann a bhunódh Stáit Aontaithe na hEorpa.

  6. #1342138

    Is cinnte go bhfuil an bóthar réidh anois chun comhtháthú breise a dhéanamh ar an Aontas Eorpach mar gheall ar chinneadh chomhdháil Pháirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine (SPD) dul i mbun cainteanna oifigiúla le comhrialtas eile a bhunú faoi cheannaireacht Angela Merkel.

  7. #1342141

    Ach nuair a theip ar na cainteanna a bhí ag an CDU leis na Liobrálaigh agus Glasaigh, bhí an chuma air nach mbeadh rialtas ar bith ag an nGearmáin agus go mbeadh gá le toghchán eile – toghchán, b’fhéidir, a thabharfadh tuilleadh vótaí do lucht na heite atá i bhfad ar dheis, an AfD, agus a bhainfeadh tuilleadh vótaí ón SPD féin.

  8. #1342147

    Níl mórán á thairiscint don SPD sa dréachtmhargadh a d’aontaigh na ceannairí cheana maidir leis an saibhreas a roinnt nó feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí, ach tá go leor géillte ag an CDU maidir leis an Eoraip.

  9. #1531573

    Ach ní léir go mbeidh sé éasca bundeacrachtaí chóras polaitiúil na Gearmáine a réiteach, mar tá go leor dá gcuid tacaíochta á cailliúint ag an dá pháirtí is mó go traidisiúnta, an CDU agus na daonlathaigh shóisialta (SPD).

  10. #1531574

    Cabhróidh na fadhbanna sin ní hamháin leis AfD ar an eite dheis, ach leis na Glasaigh sa lár agus, i gcás fadhbanna an SPD, cabhróidh a ndeacrachtaí go háirithe le Linke, páirtí d’iarchumannaigh agus de shóisialaigh nach bhfuil sásta le forlámhas lucht an rachmais a thuilleadh.

  11. #1580579

    I dtús an fheachtais, ní amháin go raibh titim na himeartha leis an bhfreasúra, clis á tuar dó, agus an log ag titim ar an lag ar chuid mhór dá lucht leanta cé is moite de na fíréin, ach chuir an t-iarPhríomh-Aire Gerhard Schröder (SPD) a dhá chois go hioscaid sa bpuiteach.