#401039
B’fhearr aghaidh a thabhairt ar an gceist sin ná a bheith ag trácht i gcónaí ar ‘fhreagra slándála’ Tá an Bhruiséil níos cóngaraí dúinn ná baile ar bith sa Mheánoirthear, ó thaobh na sibhialtachta, na sochaí agus na tíreolaíochta de. Ní nach ionadh mar sin gur mhó a chuaigh an t-uafás a tharla sa Bhruiséil i bhfeidhm orainn ná na huafáis a ghoilleann an oiread sin ar Mhoslamaigh an domhain de bharr scrios stát na hIaráice, stát na Libia, nó de bharr na hiarrachta atá fós ar siúl le stát na Siria a scriosadh freisin.