Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

17 toradh in 8 ndoiciméad

  1. #266277

    Tá 2 bhaile beag, Tal Shamiram agus Tal Hermuz i gCúige Hassakeh gafa ag IS, agus na daoine ón mionlach ársa Críostaí fuadaithe.

  2. #1969780

    Sheinn sí cúpla fonn - Ninu Ninu Tal-Milied, Ħelu Bambin agus O Gesù Ħelwa Tarbija.

  3. #1968168

    Rinne na cailíní ar chabrach chrann tal-Għargħar ar ardán a bhí leathbhealach síos an mhala agus shocraigh siad iad féin go sócúlach faoina scáth.

  4. #1968327

    'Agus ansin bhí dualgas oraibh an chuid eile den tráthnóna a chaitheamh ag ól leo tigh ħanut tal-inbid, ar ndóigh,' arsa Nanna.

  5. #1968338

    Thosaigh na hÉireannaigh ag teacht isteach chuig an ħanut tal-inbid go minic chun deoch a ól, aon uair a bhí cead scoir acu.

  6. #1968960

    'Stuffat tal-fenek speisialta Nanna le gairleog agus oinniúin agus caprais,' arsa Vanna, ag liostáil na sólaistí ar fad a cuireadh roimh an teaghlach an lá sin.

  7. #1970606

    Hemm dwieb tal-għenienel u bil-mantiet, mar a deireadh siad sa bhaile - ba chuma seál na n-íseal nó mantilla na n-uasal á chaitheamh agat.

  8. #1978060

    Níor inis sé dá mháthair ach oiread gur thosaigh ríomhphost a athar leis an mbeannú '¿Qué tal, hijo?' (Conas atá agatsa, a mhac?)

  9. #1978814

    I lár mhí Iúil fuair sé ríomhphost óna athair: '¿Qué tal hijo?' luaite mar ábhar leis.

  10. #1414576

    Ní hiad Brian Merriman, Seán Clárach Mac Domhnaill ná Aindrias Mac Craith a bhí i mbun filíochta an oíche sin dar ndóigh, agus ceathrar as Aberystwyth agus ceathrar as Tal-y-Bont, agus is mír don tsraith Talwrn y Beirdd a bhí á taifeadadh faoi stiúir Ceri Wyn Jones, file, moltóir agus craoltóir.

  11. #1414613

    Tá cuid mhaith filí óga ag teacht aníos faoi láthair,’ arsa sé, ‘agus bíonn na mná páirteach san imreasan sa lá atá inniu ann, rud nach mbíodh chomh mór sin.’ Is cosúil gur dán le Phil Davies, Tal-y- Bont is mó a bhain gáirí as an gcomhluadar san oíche Dé Máirt.

  12. #151429

    a dhea– b’shin í Mam ag fanacht sa seomra suite romhat arís b’shin í Mam ag caoin– cois tine arís ní hea ab ea ach cúileann eile a bhásaigh ort d’airigh ar do ghuth í sna leathnótaí atá an t-amhrán a dúirt san uaigh atá sí anois a dúirt ní raibh ach an dá scór is a Dhia na glóire nár mhór an feall ní hea ceann eile amhrán eile bean eile ar d’aigne an raibh do Mham a dúirt grá mo chroí agam do do Mham amháin mar sin tuige ar chaith tú léi mar a dhein tuige ar fhág tú cois tine í oíche ar oí– arbh í siúd a bhí i gceist agat í siúd a chan dóíndíódeighdildom tá mo ghrá go dea– ní hea ag Mam a bhí an ceann sin ceann eile fill fill a rún óóóó ach ní faoi do ghrá geal an ceann sin mar dúirt Mam gur faoin gcreideamh éist a bhuach– Peadar is Pól thréig thusa Peadar is Pól ar son an óir is an airg– cén fáth ar thréig tusa muid a Chumh– tuige nach dtiocfá abha– aingeal ’sea sin agat anois é guth aingil a Chaoimhe guth aingil dá gcloisfeá shiúil mé an bealach ar fad go Brí Chualainn léi shuigh ar an droichead ag canadh di i lár na hoíche ní ligfeadh sí díom ceann agamsa ceann eile aici siúd dá gclois– a amadáin nach bhfaca tú Mam ag éist– ag caint ar bhean eile ag rá go raibh tú óg ag an am agus cá ndeachaigh na blianta an seanphort longfort cén fáth longfort a bhuachaillí is a chailíní long agus port i lár na tíre rud éicint faoi na Lochlannaigh an seanphort céanna go deo deo ag d’athair a Chumhaillín ag ól is ag caoineadh ag ól is ag caoin– trua nár fhan sé leis an gceann sin a déarfas Mam an chéad uair eile leis hé a Chumhaill tuige nár fhan tú leis an gceann sin ar an droich– ceann faoi dhroichead an raibh ceann faoi dhroich– dá mbeinn féin i mBrí Chual– ní hea dá mbeinn féin in Art Uí céard céard méard dá bhfeicfinn feicim this old man this old woman i ndiaidh na mblian– i ndiaidh na mian– bhí sé i gceist agam é seo sin agus eile a rá ach ní mian liom a thuil– ní mian liom ach suí agus tada a rá ní mian liom ach come rolling home uair amháin eile uair bhog amháin braon beag eile a Mham a Dheaid braon beag eile deile peile ní peil ach caid ’sea caide a bhí riamh sa bhaile againne céard a bhí sa bhaile agaibhse é sin agus just déan é just ól é prip– rud éicint pripsum ab ea na péisteanna a choinneáil asainn ’sea é a chaitheamh siar uair sa mblia– you ól i dtosach é arsa Dáls no you ól é arsa mise ar aghaidh an tí sa pháirc ní hea sin field faiche sin green nach shin a déarfaidis sin a déarfadh Mrs. K not on the road there’s a good chap kick the ball on the green – just buail í a Dháls a dúirt mise leis ná bac leo ná héist leis na bast– hey you’re not in Croke Park now dalsoootru is nár dheas a bheith ann a dheartháir i bPáirc an Chrócaigh ’sé sin an cuimhin leat an fear tuaithe a leag pláta sceallóg ar an urlár sa Ritz agus muid ar an mbealach ann lá a éadan chomh dearg le tráta an diabhal bocht arsa Deaid an saol lán le daibhail bhochta ní sin ach é as alt as áit mar a bhí muide ach ar an domhnach i bPáirc an Chróc– an triúr againn beidh barra agaibh a leaids ón mbean le ciseán lovely to hear d’oul ior– go raibh maith agat cosa an tslua chuile áit mé ag féachaint ar na pictiúirí ar pháipéar an Domhn– caite go tal– fúm ní agatsa a dhear– ach ag strains– ná léigh an trufl– Sasanach sin a mhac arsa guess who ná creid foc– de ach na pict– na cail– gléasta faoi éadaí leadóige le haghaidh Wimbl– Wimle– Wimbel– Wimbledon faoi éide shaighdiúra a bhíonn saighd– beaga na nGael faoi lámhach na ngunn– traein ní hea tréan ná déanaigí magadh faoin Amhrán Náisiú– fuil ár muintir ar an mbrat– scaoil isteach ar an bpáirc mé a dúirt Christy Ring tá m’fhuil doirtithe agam air sin a dúirt sé a bhuach– seasaigí a chairde le haghaidh Amhrán na bhFia– an slua ar fad cosúil le rang na naonán maidin Lua– chan an slua ar fad

  13. #151430

    liom a thuil– ní mian liom ach suí agus tada a rá ní mian liom ach come rolling home uair amháin eile uair bhog amháin braon beag eile a Mham a Dheaid braon beag eile deile peile ní peil ach caid ’sea caide a bhí riamh sa bhaile againne céard a bhí sa bhaile agaibhse é sin agus just déan é just ól é prip– rud éicint pripsum ab ea na péisteanna a choinneáil asainn ’sea é a chaitheamh siar uair sa mblia– you ól i dtosach é arsa Dáls no you ól é arsa mise ar aghaidh an tí sa pháirc ní hea sin field faiche sin green nach shin a déarfaidis sin a déarfadh Mrs. K not on the road there’s a good chap kick the ball on the green – just buail í a Dháls a dúirt mise leis ná bac leo ná héist leis na bast– hey you’re not in Croke Park now dalsoootru is nár dheas a bheith ann a dheartháir i bPáirc an Chrócaigh ’sé sin an cuimhin leat an fear tuaithe a leag pláta sceallóg ar an urlár sa Ritz agus muid ar an mbealach ann lá a éadan chomh dearg le tráta an diabhal bocht arsa Deaid an saol lán le daibhail bhochta ní sin ach é as alt as áit mar a bhí muide ach ar an domhnach i bPáirc an Chróc– an triúr againn beidh barra agaibh a leaids ón mbean le ciseán lovely to hear d’oul ior– go raibh maith agat cosa an tslua chuile áit mé ag féachaint ar na pictiúirí ar pháipéar an Domhn– caite go tal– fúm ní agatsa a dhear– ach ag strains– ná léigh an trufl– Sasanach sin a mhac arsa guess who ná creid foc– de ach na pict– na cail– gléasta faoi éadaí leadóige le haghaidh Wimbl– Wimle– Wimbel– Wimbledon faoi éide shaighdiúra a bhíonn saighd– beaga na nGael faoi lámhach na ngunn– traein ní hea tréan ná déanaigí magadh faoin Amhrán Náisiú– fuil ár muintir ar an mbrat– scaoil isteach ar an bpáirc mé a dúirt Christy Ring tá m’fhuil doirtithe agam air sin a dúirt sé a bhuach– seasaigí a chairde le haghaidh Amhrán na bhFia– an slua ar fad cosúil le rang na naonán maidin Lua– chan an slua ar fad é fiú na diabhail bhochta ón tuaisc– féach na diabhail bhochta a bhuachaillí agus bratach na hÉir– ar foluain acu beidh sibh saor lá éicint a chairde Gael beidh sibh linn lá éig– mar atá mo bhuach– saor ón mbanríon saor ón mBéarla buachaillí iad na leaids arsa Deaid nuair a chaitear an chaid isteach ach Domhnach amháin ní raibh mé leat chonac ina dhiaidh sa chistin thú fornocht do chonac ní hea ná bí ag magadh faoin bPiar– báite a bhí tú Mam ag tabhairt amach bain díot do chóta báite fliuch go craic atá tú féach do Dheaid a Chumhaillín céard a dúirt sé ó ’sea dá mbeadh an anorac sin a thug do dheartháir abhaile as Meiriceá agam seachas ag Cumhaillín bheinn tirim é gorm leis ar aondath leis na Dubs Mam bhocht le cailleadh nuair a chuala ach Deaid báite ina shuí chun tosaigh ina aon– agus an slua ar fad ar a chúl i bhfoscadh an ardáin céard déarfá leis sin ina shuí chun tosaigh ina aonar is maith leis an iomáint a fheiceáil i gceart a Mham arsa Dáls ’sea a Mham tá an ceart ag Dáls is cuma leis suí chun tosaigh sa bháisteach ag féachaint ar na fir ag bualadh an tsliotair sa bháisteach ní féidir an imirt a leanacht i gceart mura bhfuil tú chun tosaigh a Mham nach shin é a Dheaid ní féidir an sliotar a chloisint ag bualadh i gcoinne bos an chamáin cuir amach do lámh sin buille rialóra ar bhos do láimhe anois agat mar bhí tú dána ach crúógach a bhíonn fir na hiomána nach shin é a Dheaid sin é a mhac anois a Chaoimhe éist leis sin anois sin é do mhac ag caint sin é do mhac ag seasamh lena athair sheas mé sa chistin leat chonac i do shuí sa bháisteach i mbrionglóid an oíche sin thú do shúile ar lasadh ag an imirt ag dul suas síos an pháirc os do chomhair agus bhí áthas orm gur sheas mé leat bhí áthas orm mar bhí áthas ort nach shin a bhí ann gur sheas mé leat nach shin a bhí ann tada ar an saol seo idir mé agus tú a dúirt tú nach shin a bhí ann agus shílfeá go