#1091429
Phós Helen Harry Codrington, fear atá ina ‘Vice-Admiral’ ag tús an scéil seo.
Phós Helen Harry Codrington, fear atá ina ‘Vice-Admiral’ ag tús an scéil seo.
Nuair a cuireadh ar a shúile don ‘Vice-Admiral’, go raibh a bhean, Helen, ag fealladh air agus leannán fir aici le blianta roimhe sin, ní raibh leigheas ar an scéal, dar le Harry, ach colscaradh a lorg, agus ar ndóigh, ba scannalach amach agus amuigh an socrú é sin i Sasana sa bhliain 1866.
Ní gá a rá gur éirigh le Helen Fido a tharraingt isteach sa scraith ghlugair shóisialta sin, ach trí chleas na litreach séalaithe d’éirigh le Harry cor in aghaidh an chaim a thabhairt di, rud a chuir d’iachall ar Fido, iompó ar a seanchara dílis Helen, rud a chinntigh gur tugadh cead colscartha don ‘Vice-Admiral’, ach, ní gá a rá gur ghreamaigh cuid éicint den láib dóibh uilig, nó ba nós é an colscaradh nach raibh faiseanta i measc na ‘n-uasal’, ag an am.