#1190370
Cérbh é fear a chumtha, Hsu Yun?
Cérbh é fear a chumtha, Hsu Yun?
Fear ab ea Hsu Yun a bhí thar a bheith dian air féin.
An Máistir Ch’an Hsu Yun a thugtar inniu air.
Agus is é is brí lena ainm, Hsu Yun, ná Scamall Folamh.
An aigne a bheith folamh an t-idéal ceart, dar leis an Sruith Hsu Yun.
Dála an scéil, seanmóirí Hsu Yun a bhí á léamh ag Carl Jung ar leaba a bháis.
Ceann de na dánta is séimhe a thiocfadh i do líon is ea an dán Linn an Scátháin ar Shliabh Taibó in Shanxi leis an Sruith Hsu Yun: Líne den scoth ar fad í an líne dheireanach, ‘Ach ní chomh suaite sin is go ndearúdfainn mo bhuairt a dhearúd.’ Ar ndóigh, níl aon chleasaíocht ag baint leis an líne sin ach fíormhacántacht agus féinaithne.