Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

6 thoradh in 5 dhoiciméad

  1. #1346870

    Mar chomhghéilleadh, ní fheictear dom go bhféadfadh an Páirtí Aontachtach Daonlathach cur i gcoinne socrú dá leithéid, mar go mbaineann sé leis an Rialtas ceannasach, agus bheadh Acht Gaeilge “neamhspleách” bainte amach ó thaobh Sinn Féin de, cé go gcaithfí leanúint den phlé chun go n-aontófaí ar an reachtaíocht chuimsitheach a bhí uaidh.

  2. #1619438

    Deir an Páirtí Aontachtach Daonlathach, an DUP nach féidir leo tacú leis an socrú breatimeachta atá déanta idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach.  I ráiteas ar maidin thug ceannaireacht an DUP le fios nach féidir leo tacú leis an méid atá molta maidir le cúrsaí custaim agus comhthola agus deir siad go bhfuil easpa soiléireachta ann maidir le cáin bhreisluacha.  Níos déanaí inniu, tiocfaidh ceannairí an Aontais Eorpaigh le chéile sa Bhruiséil do chruinniú mullaigh.

  3. #1619447

    Ar maidin dúirt an Páirtí Aontachtach Daonlathach, an DUP nach féidir leo tacú leis an Socrú Nua Breatimeachta.  I ráiteas ar maidin, thug ceannaireacht an DUP le fios nach féidir leo tacú leis an méid atá molta maidir le cúrsaí custaim agus comhthola agus deir siad go bhfuil easpa soiléireachta ann maidir le cáin bhreisluacha. Tamaillín ó shin, dúirt an DUP go seasann an ráiteas a rinne siad ar maidin.  Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go dtabharfadh an socrú nua cead don Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágaint ar bhealach a bhfuil ord i gceist leis. Socrú maith atá ann ó thaobh na tíre seo, a dúirt an Taoiseach, mar go ndeánann sé cinnte dho nach mbeidh aon teorainn chrua ar oileán na hÉireann.