#405227
Foilsítear anseo dán, a céadfhoilsíodh ar an iris ‘Comhar’ an mhí seo caite, ina dtugtar léargas cumhachtach ar eachtraí an Éirí Amach “Ba ghairid an bheatha í, ach nárbh líon lán í, a Lilí?” Agus druma mór na Cásca ag brostú na fola sna cuisleanna coipeacha buataisí ag bualadh na sráide agus fuadar na haiséirí fúthu an t-ordú, an cealú, an t-athordú á scaipeadh ó dhún go dún daingean gunnaí faoi ghúnaí is réabhlóid san aer.