Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

7 dtoradh in 6 dhoiciméad

  1. #1906771

    Bád pléisiúir Tiocfaidh bád pléisiúir as Meiriceá i dtír ag calafort na gCealla Beaga ar a 8.00 ar maidin inniu.

  2. #1924776

    Tá soiléiriú ag teastáil on bpobail sa gceantar ó Údarás na Gaeltacht ar ceard go díreach atá a phleanáil do Pháirc na Mara.  Bád pléisiúir Beidh an bád pléisiúir an "Silver Muse" ag teacht isteach go cuan na Gaillimhe inniu.

  3. #190140

    Bhí bád pléisiúir tar éis tarraingt isteach ag an gcé agus thart ar scór duine, i líne aonair duine i ndiaidh an duine eile, siúlta isteach ar an gcosán cúng a bhí mar chrua-chlord coincréite ann a d’fhóin lena dtabhairt i dtír.

  4. #752963

    Tá forbairt ar fiú €1.8 milliún é á dhéanamh ag an Roinn Talmhaíochta, Mara agus Bia ar an áit atá ann cheana do bháid phléisiúir sa chalafort. Beidh áit do 90 bád pléisiúir sa bhreis i Ros an Mhíl nuair a chuirfear an obair i gcrích.  Tá an láib agus an dríodar a bhainfear mar chuid den chartadh atá le déanamh ina ábhar imní chomh maith ag iascairí atá amuigh ar an domhain.

  5. #1906420

    Beidh áit do 90 bád pléisiúir sa mbreis sa gcalafort faoin am a mbeidh an obair curtha i gcrích. Maíonn na hiascairí beaga ar tógadh a gcuid potaí go maróidh an obair dhreideála atá beartaithe ar an láthair an stoc ribe róibéis atá fairsing san áit faoi láthair.  Dúirt Roinn na Mara le Nuacht an Iarthair gur dearnadh monatóireacht ar an láthair de réir treoracha a bhaineann le gnáthóga ón Aontas Eorpach mar chuid den phróiséas pleanála agus nach raibh aon ghá le ráiteas tionchar timpeallachta. Chomh maith leis sin dúirt an Roinn go socródh an láib a bheidh ag imeacht le scruth de bharr na hoibre go nádúrtha san uisce arís uaidh féin tar éis tamaill.