Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

7 dtoradh in 7 ndoiciméad

  1. #1810409

    Tugadh fear 40 bliain d'aois os comhair na hArd-Chúirte ar maidin agus barántas gabhála Eorpach eisithe ina leith ag na húdaráis sa Bhreatain.  Gabhadh an fear, Rónán Hughes as Tigh Thaláin i gCo Mhuineacháin, tráthnóna inné.   Baineann an cás le bás 39 imirceach as Vítneam a bhfuarthas a gcoirp i leoraí in Essex i mí Dheireadh Fómhair seo caite.  Tá dúnorgain agus gáinneáil daoine curtha i leith Rónáin Hughes ag na húdaráis sa Bhreatain.  Dúirt an Breitheamh Paul Byrnes san Ard-Chúirt inniu go raibh soiléiriú á lorg aige maidir leis na cúiseanna sin.

  2. #1932542

    Ian Bailey Gabhadh an t-iriseoir Sasanach Ian Bailey inniu, tar éis don Ardchúirt barántas gabhála Eorpach a cheadú, barántas a lorg Údaráis na Fraince atá ag lorg a eiseachadadh chun na tíre sin fé dhúnmharú an scannánaí Sophie Toscan du Plantier in iarthair Chorcaí i 1996.  Bhí an tUasal Bailey sa Chúirt inniu, agus scaoileadh amach ar bhannaí é nó go dtionólfar éisteacht iomlán fén iarratas eiseachadadh.  Dhiúltaigh an Ardchúirt iarratas eiseachadadh cheana i 2017, ach tugadh le fios sa chúirt inniu go bhfuil an dlí athruithe ó shin, agus gur ciontaíodh an tUasal Bailey i gcúirt Francach, ach gan é i láthair.  Tionólfar an éisteacht fén iarratas eiseachadadh an bhliain seo chughainn.