Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

23 toradh in 19 doiciméad

  1. #1004154

    Theastaigh polasaí spleodrach mór amháin a léireodh idirdhealú idir iad agus Fine Gael agus, dar fia, thug siad ceann dúinn – bunráta cánach 23 faoin gcéad.

    Chutzpah ceannaire – Seán Ó Héalaí

  2. #1004161

    Is cosúil gur eisigh na Coimisinéirí Ioncaim tuairim go dteastódh an bunráta sin méadaithe faoi dhó chun teacht isteach reatha an Stáit a choinneáil.

    Chutzpah ceannaire – Seán Ó Héalaí

  3. #275925

    Tá titim 10% ar an líon scoláirí a bhíonn ag freastal ar Choláistí Samhradh agus tá ciorraithe 18% curtha i bhfeidhm ar mhná tí ar bhealaí éagsúla a deir Éamon Ó Cuív.  Cé nár athraíodh an bunráta a íoctar le mná tí a deir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív tá teorainn á chur ar an líon scoláirí a bhíonn siad in ann a thógáil mar nach mbíonn siad ag fáil íocaíocht anois ón Roinn ach ar dhá dhuine dhéag.

  4. #1620936

    Deir Cumann Múinteoirí Éireann  agus Cumann na Meánmhúinteoirí go bhfuil siad glan i gcoinne an mholadh - go bhfaighfí réidh leis an liúntas bunráta cánach atá ar fáil do mhúinteoirí - chun acmhainní ranga a cheannach.

  5. #1873917

    Ag labhairt di ar RTÉ, mhaígh sí nach bhféadfadh an Chomhdháil glacadh le hardú chomh beag le 1%.  Ardú 2% ar a fhíorlaghad atá ag teastáil, a dúirt sí, go háirithe ós iad na daoine ar phá íseal sa tír seo is mó a bhí thíos leis nuair an bhí an cúlú eacnamaíochta deireanach ann.  Faoi láthair, is é €10.10 san uair an bunráta pá a íoctar le duine fásta.  Bhunaigh an Rialtas an Coimisiún um Pá Íseal cúig bliana ó shin.

  6. #1899682

    Bunráta páidh mar ábhar buartha Beidh cruinniú ar siúl anocht i nGleann Fhinne do ghrúpaí pobail agus grúpaí deonacha faoin tionchar a bhéas ag an ardú san bhun leibhéal páighe ar chostais na ngrúpaí.