#1989609
An dara pointe ná gur féidir le córas meaisínfhoghlama claontaí sna sonraí traenála a mhéadú, mar shampla trí fhoirmeacha firinscneacha a roghnú níos minice ná mar a roghnófaí bunaithe ar shonraí déimeagrafacha amháin (Prates, Avelar & Lamb, 2018), nó fiú nuair a bhíonn fianaise láidir ann gur bean í an t-ábhar (mar shampla, má chuireann tú ainm baininscneach leis an abairt thuas, ar nós 'Madeleine, my Ph.D. advisor, is a full professor', gheobhaidh tú 'é' san aistriúchán mar sin féin).