#893403
Rialaigh cúirt i Rio de Janeiro sa Bhrasaíl go bhféadfaí a phas a thabhairt ar ais do Kevin Mallon ach go mbeadh air cloí leis na coinníollacha céanna a leagadh síos do Pat Hickey an tseachtain seo caite. Beidh ar Kevin Mallon cúirtbhanna de €400,000 a íoc - tiomántas a thabhairt go gcloífidh sé leis an bpróiseas dlí sa Bhrasáil - agus go bhfillfidh sé ar an mBrasaíl nuair a bheidh gá leis.