#420915
Fadó riamh a rinne muintir na Gaeltachta cinneadh faoi phéirí focal mar ‘fíon dearg’ nó ‘caidreamh poiblí’ a chur sa ghinideach: buidéal fíon dearg a deirtear, agus oifigeach caidreamh poiblí.
Fadó riamh a rinne muintir na Gaeltachta cinneadh faoi phéirí focal mar ‘fíon dearg’ nó ‘caidreamh poiblí’ a chur sa ghinideach: buidéal fíon dearg a deirtear, agus oifigeach caidreamh poiblí.
*Chomh sleamhain le hoifigeach caidreamh poiblí.
Ag plé le caidreamh poiblí a bhí Andrea roimhe sin agus ba ghruagaire í Michelle.
D’fhoghlaim mé go leor faoi na meáin shóisialta, fógraíocht, caidreamh poiblí, urraíocht srl.
Is é Jerry úinéir, cathaoirleach, bainisteoir agus oifigeach caidreamh poiblí an chomhlachta seo.
Trí cinn de chonarthaí a shínigh an Roinn le comhlachtaí caidreamh poiblí idir 2011-2015. €108,000 a íocadh le comhlachtaí caidreamh poiblí, ag áireamh an €17,000 a íocadh le Q4PR as ‘feachtas bolscaireachta maidir le deiseanna fostaíochta Gaeilge in institiúid na hEorpa’.
Feileann sé freisin do lucht gnó, eagraíochtaí carthanachta agus fóirithinte, lucht margaíochta agus caidreamh poiblí, chomh maith le lucht oideachais, lena dteachtaireacht a roinnt.
Tá comhlacht caidreamh poiblí de dhíth nó claonbholscairí maithe seachas níos mó taighde acadúil i mo thuairimse.
Deichniúr againn ó na meáin éagsúla a fuair an cuireadh speisialta seo agus, le fearadh na fáilte a chur romhainn ag an bhusáras, bhí ceathrar bean ó chomhlacht caidreamh poiblí.
Fear ard ceannchatach ab ea é a réitigh go maith le daoine óga agus a thuig an tábhacht a bhain le caidreamh poiblí.
Tá aithne agam freisin ar roinnt eile a bhíonn ag plé le caidreamh poiblí — nach álainn na focla iad siúd — agus go dtiocfadh dó go mbeadh caint fós fúthu ag na Binsí.
Cuimhním ar chuntasaíocht, ríomhaireacht, cumarsáid agus scileanna craolacháin, fógraíocht agus caidreamh poiblí, díolachán agus ceantálaíocht, cocaireacht agus bainistíocht óstlanna, gan trácht ar eolaíocht bheatha, iascaireacht agus gnóthaí mara agus timpeallachta.
Claonbholscaire: Saineolaí caidreamh poiblí a fhostaíonn polaiteoirí, lucht gnó, comhlachtaí, carthanachtaí agus eagrais eile le comhairle a chur orthu i dtaca le dul i bhfeidhm ar an phobal.
Ní cosúil go bhfuil na tréithe sin i mBeinidict XVI ar aon chor, ná go síleann sé gur aon suáilce rómhór an caidreamh poiblí i gcás na hEaglaise.
Deir Dara Ó Cinnéide, iarimreoir na Gaeltachta agus oifigeach caidreamh poiblí an chumainn Gaeltachta, go raibh sé thar a bheith tábhachtach stop a chur leis an dul ar gcúl sin.
Tá ardmholadh ag dul d’Oifigeach Caidreamh Poiblí an chontae, Seán Ó hAlluráin a tharraing gach rud le chéile don seod seo.
Is nós ag údaráis áitiúla agus eagraíochtaí nach iad a lán truflaise a fhoilsiú agus a scaipeadh ar mhaithe le caidreamh poiblí agus cumarsáid leis an bpobal.
Comhaonad riaracháin a lonnú ann a mbeidh de chúram air ar son gach rannpháirtí: riarachán; pá-rolla; airgeadas; ceisteanna dlí; fógraíocht agus caidreamh poiblí, stocaireacht srl.
Ag an leibhéal is bunúsaí tá coimhlint caidreamh poiblí ar siúl idir an Chatalóin agus an stát Spáinneach.
Dúirt oifigeach caidreamh poiblí Uisce Éireann Richie Ó hEadhra ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil súil acu go mbeidh formhór na ndaoine sin íoctha roimh an Nollaig.
Dúirt Brian Mac Uaid, Oifigeach Caidreamh Poiblí na Sairséalach, gurb é an aidhm atá i gcónaí ag an gclub ná foireann lán-Ghaeilge a dhéanamh d’fhoireann na sinsear.
Tá sin fíor freisin faoin teachta tionóil agus iar-aire de chuid Shinn Féin, Máirtín Ó Muilleoir, fear nuachtán agus caidreamh poiblí.
Tá leithscéal gafa ag an Aire Cumarsáide Denis Naughten gur labhair sé le feidhmeannach caidreamh poiblí faoi iarratas Independent News and Media an comhlacht Celtic Media a cheannach.
Tá sé séanta ag an Aire Cumarsáide Denis Naughten gur thug sé eolas rúnda d'fheidhmeannach caidreamh poiblí a bhí ag obair ar son Independent News and Media (INM).
Bhí Vítneam ar “An Chéad Chogadh Teilifíse” ach tá lucht míleata tar éis cúpla ceacht a fhoghlaim faoi chúrsaí cumarsáide agus caidreamh poiblí ó shin.
Sheol sé eolas ag daoine eile, ina measc mac Peter Robinson a bhfuil gnó caidreamh poiblí aige agus an comhlacht mór Moy Park a cheannaíonn na sicíní ó fheirmeoirí.
I measc na ndaoine eile a bhfuil suim acu ainmniúchán a fháil tá an fear gnó agus caidreamh poiblí Gavin Duffy agus an Seanadóir Joan Freeman.
I measc na ndaoine eile a bhfuil suim acu ainmniúchán a fháil tá an fear gnó agus caidreamh poiblí Gavin Duffy agus an Seanadóir Joan Freeman.
Mhúscail scéala báis Bunny Carr, an t-iarláithreoir teilifíse agus fear caidreamh poiblí, cuimhní i gConamara inniu ar cheann de na heachtraí ba chinniúnaí i stair na Gaeltachta.
Bhunaigh sé ina dhiaidh sin an comhlacht caidreamh poiblí Carr Communications, ceann de na na chéad chomhlachtaí dá leithéid in Éirinn.
Thug an fear caidreamh poiblí Gavin Duffy taispeántas cuibheasach snasta uaidh, ach ní dócha go mbeadh sé róshásta leis dá mba chliant aige féin a bhí ann.
Tar éis an bhrisidh deineadh paistí cainte leis an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh agus an fear caidreamh poiblí Eoghan Ó Neachtain.
Go deimhin, mar a mheabhraigh foireann caidreamh poiblí an Tí Bháin dúinn, ciontaíodh cheana é as bréaga a inseacht.
Shílfeá gur chum gúrú caidreamh poiblí éigin an seanfhocal úd ‘mura bhfuil agat ach pocaide gabhair bí i lár an aonaigh’ go speisialta do na meáin Ghaeilge.
"Ní bheidh deireadh leis na turais rialta go Sasana go ceann bliana eile ach ina dhiaidh sin, ba mhaith liom rud éigin a bhaineann le caidreamh poiblí a dhéanamh.
“Le linn an ama sin, thuig mé nár thaitin caidreamh poiblí ar chor ar bith liom, nach bhféadfainn bheith ag obair le hiriseoirí a raibh *spoon-feeding* de dhíth orthu.
Go deimhin, bhí oifigeach caidreamh poiblí an Bhiúro den tuairim gur éirí in airde na gcailíní gairmiúla ba chúis leis na fadhbanna seo!
Dúirt Oifigeach Caidreamh Poiblí an chumainn, Seosamh Ó Braonáin, gur seo an dara cuid den phróiséas earcaíochta.
Rinne Seán Micheál Ó Domhnaill, Oifigeach Caidreamh Poiblí Comhairle Ceantar na nGleanntach d'Fine Gael cur síos ar an méid atá socruithe.....
Chuir Covid-19 isteach go mór ar theacht isteach Bhád Tarrthála Árainn Mhór, a dúirt Oifigeach Caidreamh Poiblí Choiste an Bháid Tarrthála Nóra Flanagan.
Roimhe sin, chaith sé 14 bliain ina oifigeach airm sula bhfuair sé post mar Oifigeach Caidreamh Poiblí le Bord na Gaeilge, réamhtheachtaí Fhoras na Gaeilge.
Roimhe sin, chaith sé 14 bliain ina oifigeach airm sula bhfuair sé post mar Oifigeach Caidreamh Poiblí le Bord na Gaeilge, réamhtheachtaí Fhoras na Gaeilge.
B’fhéidir leis gur tuathalach agus míshlachtmhar an cur chuige caidreamh poiblí a bhí ag Coláiste Eoin sa chás seo, agus gur botún a bhí ann an chéad lá an cheardlann a chur ar athló.
Ar an 6 Lúnasa sheol an Príomhfheidhmeannach doiciméad rúnda sa phost chuig baill an bhoird a rinne cur síos ar chomhrá teileafóin idir comhairleoir caidreamh poiblí Aire na Gaeltachta, Des Benson, a bhí in Óstán na Ceathrún Rua agus an t-iriseoir John Devine, a bhí i mBaile Átha Cliath.
Tá an baol ann go mbeidh ar altraí nuacháilithe Dhún na nGall taisteal na céadta mílte i gcomhair oibre mar nach bhfuil postanna ar bith ar fáil daofa i gCondae Dhún na nGall, a deir Rory Kavanagh, Oifigeach Caidreamh Poiblí Comhlachais Altraí Siciatracha (PNA).
Léiríonn eolas nua faoi chaiteachas na Roinne gur íocadh an tsuim sin –€17,000, leis an gcomhlacht caidreamh poiblí Q4PR as feachtas bolscaireachta a chur ar bun chun aird a tharraingt ar dheiseanna fostaíochta sa Bhruiséil do Ghaeilgeoirí.
Dá mbeadh spéis ag an Údarás duine a earcú a mbeadh aithne mhór aige ar lucht polaitíochta agus maoinithe, is cinnte go gcuirfí fáilte roimh iarratas ar an bpost ón bhfear caidreamh poiblí as an Spidéal, Eoghan Ó Neachtain.
Ag amharc ar na pictiúir ón Chatalóin, Dé Domhnaigh, níl ag éirí le rialtas Mhaidrid sa chogadh caidreamh poiblí: mná á mbualadh le smachtíní, péas armtha ag ionsaí doirse scoileanna, tuairiscí faoi scaoileadh piléir rubair, fuil ar na sráideanna.
Is é Pádhraic Ó Ciardha an duine is faide atá fostaithe ag TG4. Is le gnóthaí corparáideacha, caidreamh poiblí agus ionadaíocht ardleibhéil is mó a bhain a chuid dualgas leis an gcainéal ó 1995 i leith.
Den chuid is mó d’éirigh leis an FNT pé easaontas a bhí fós ann a cheilt, ach ba ann do na scoilteanna i gcónaí agus i nDeireadh Fómhair ghéill Donncha Ó hÉallaithe don bhrú agus chrom sé ar a amhras a nochtadh faoin eagraíocht a raibh sé féin ina Oifigeach Caidreamh Poiblí uirthi.