Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

49 toradh in 46 doiciméad

  1. #978862

    Ní fearr ná turcaí an té a ligfeadh dá theanga caolú.

    An turcai a thainig ar ais on mbas – Gabriel Rosenstock

  2. #982001

    Tá méid na bhfeirmeoirí ag caolú de réir a chéile.

    Mo mhíle ghra-sa thall na nDeise – Catherine Foley

  3. #1005587

    Chum sé foclóir don chriticeas, foclóir atá ag caolú isteach uidh ar n-uidh sa tráchtaireacht.

    Litríocht na hiomarca – Alan Titley

  4. #802777

    Ní raibh de rogha agam ach leanúint orm, Mamó agus Beirtí a thabhairt chomh fada leis an doras agus caolú linn – bealach amháin nó bealach eile amach as an teach altranais!

  5. #867296

    Iad ag caolú thar tairseach isteach chuige de ló is d’oíche, agus trup beag a gcos le cloisteáil anois féin ón gcistin.

  6. #992219

    In ainneoin an daonlathais, in ainneoin na meán, in ainneoin na cumarsáide gan chrích ó cheann ceann na cruinne is ag caolú chun olagarcachta atáimid, diaidh ar ndiaidh – agus uaireanta ar luas.

    Leabhar réabhlóideach – Alan Titley

  7. #1007715

    ‘Caithfidh tú dul go dtí an scuaine eile sin,’ scuaine a bhí i bhfad níos faide agus ag caolú timpeall an aerfoirt siar go lúbach.

    Agus a rian air – Alan Titley

  8. #1015640

    Nuair a scaip an dusta de chearnóig Pheadair agus nuair a thosnaigh na sluaite ar a bheith ag caolú leo, d'fhan na meáin is a gcuid crobhingne amuigh acu.

    Bas poibli – Alan Titley

  9. #1015739

    Nuair a scaip an dusta de chearnóig Pheadair agus nuair a thosnaigh na sluaite ar a bheith ag caolú leo, d'fhan na meáin is a gcuid crobhingne amuigh acu.

    Bas poibli – Alan Titley

  10. #1310419

    Na seanaontachtóirí ag caolú amach as na pluaiseanna á mhaíomh sa chás is go n-imeodh an Bhainríocht Aontaithe amach as an Aontas Eorpach nárbh fholáir dúinne iad a leanúint.

    Éirimeacht ón Aontas – Alan Titley

  11. #1505810

    Diaidh ar ndiaidh, dhéanfaí an caighdeán líofachta a ardú – seachas an caolú agus an dul in ainnise atá ann faoi láthair.

  12. #1984498

    Tá roinnt dúblóg sa chanúint a deascair as caolú an chéad chonsain, tréith a bhaineann le Gaeilge na Mumhan go háirithe: /k/ /k 1 /, .i.

    Béarlagair na Saor

  13. #748532

    Táimse ag rá leat,’ arsa an fear mór go mustrach, ‘nuair a bheidh Baile Átha Cliath dúnta air, ní bheidh Seon breá i bhfad ag caolú leis ar ais go Londain – agus féadfaidh sé a chuid cúntóirí a thabhairt leis.’ Corraíonn an Lásach go míchompordach sa diallait.

  14. #985120

    Tá scéal éigin i gciste mo chuimhne gur toghadh sagart neamhurchóideach éigin ina Phápa sna blianta dorcha fadó toisc gur ráinig dó caolú isteach sa Róimh nuair a bhí piocairí an Phápa i mbun a bplé.

    Cén bhaint atá ag an Spiorad Naomh leis? – Alan Titley

  15. #1000497

    Cén fáth go mbeimis ag glacadh páirte ar bith i gcomóradh 200 bliain ar ais, sinn ag caolú isteach an dorais chúil timpeall ar fhéasta fola na nImpireachtaí ar chuma leo fúinn beag ná beag ná bídeach?

    An Gealbhan Glas – Alan Titley

  16. #1018315

    Fág caolú na Spáinnise siar isteach sna haistriúcháin as an áireamh ní bhrisfear tónacha an tsaoil le teann rachtanna gáirí, agus is cuma nó drochshlaipisteáil as scannán de chuid Charlie Chaplin sciar maith de na himeachtaí.

    An Don – Alan Titley

  17. #1030112

    Nach agaibh atá an príomhaire a bhíonn ina shuí go déanach ag ceol fad is atá daoine ar an dól!?” Níor fhanas lena chomhairle ach caolú liom go ciúin.

    Ceap magaidh – Alan Titley

  18. #1099647

    Thointeáil na cleití anonn is anall ag fí cuirtín beag scáinte san aer ciúin idir é agus an deasghnáth ar an díon eile, ach d’fhan an clúmh ag corraí in airde, ag éirí le siorraí teo na cathrach, ag titim is ag éirí arís, an scamall ag leathnú amach is ag caolú de réir a chéile.

  19. #1683038

    Déanann seo timpeallacht neamhchoitianta d'Appalachia, deighilte amach ag a theorainneacha fisiciúla ó Mheiriceá uirbeach, ag coinneáil an tsíorfháis fhobhailtigh ó dhoras, agus an caolú cultúir a tharlaíonn nuair a fhéachann daoine le bheith mar chuid den "melting pot", coincheap a bhfuiltear fós tógtha leis.

  20. #1960637

    Thosnaigh an caolú seo i dtreo páirtíocht a ghlacadh in imeachtaí amhrasacha sé mbliana ó shin nuair a thoiligh an tAire Cosanta (mar adéarfá) go rachadh ochtar saighdiúirí Éireannacha le chéile in aon bheart amháin le fórsaí Sasanacha de chuid an Royal Irish Rigiment (is ea, iad sin, is ann dóibh fós) d’fhonn cuidithe le rialtas Mhali chun oiliúna a chur ar a n-arm féin.

    Cén Fáth a bhfuilimid in Mali?: Ar chúis aisteach éigin, ní mheasaim gur baol dúinn Mali – Alan Titley

  21. #1985119

    Chan é amháin sin, ach laghdaigh sé go mór ar ghné amháin den aistear liteartha a thosaigh ag iompú amach ina cuid lárnach den scéal, is é sin, an carachtar sin a bheith gafa suas go paisiúnta le dreach agus stair na tíre de réir mar a bheadh siad ag caolú thart os comhair a dhá shúl.

    PRÓISEAS NA CUMADÓIREACHTA IN AN BRANAR GAN CUR

  22. #1697659

    An Titim ar Lár agus ag Caolú Léi =============== Tá dearcadh Mhontréal fíordhifriúil ó Québec ar go leor bhealaí - le héagsúltacht béascna, teanga agus creidimh, níor aontaigh an chathair go mór leis an gCairt um Luachanna Cultúir a raibh sé i gceist aici cosc a chur ar chaitheamh comharthaí creidimh agus ní raibh tacaíocht Marois láidir ann dá bharr.

  23. #1034826

    Bhí mé tar éis triall a bhaint ann as leagan simplí den tuiseal ginideach, is é sin séimhiú gan caolú agus i gcás ainmneacha é sin ar an chéad chuid den ainm seachas ar gach cuid de.

    Foinsí nach dtagann le chéile – Éilis Ní Anluain

  24. #1034890

    Bhí mé tar éis triall a bhaint ann as leagan simplí den tuiseal ginideach, is é sin séimhiú gan caolú agus i gcás ainmneacha é sin ar an chéad chuid den ainm seachas ar gach cuid de.

    Foinsí nach dtagann le chéile – Éilis Ní Anluain