Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

2 thoradh in 2 dhoiciméad

  1. #1398825

    Faightear ‘glac’ in úsáid ar an gcaoi seo in Achtanna níos déanaí ach is iondúil gur rud fisiciúil éigin a bhíonn á ghlacadh sna cásanna sin; feictear san Acht um Ospidéal Pháirc Bhaile na Lobhar (Gníomhas Iontaobhais a Leasú), 1974 ‘glac’ (gan réamhfhocal) á úsáid chun ‘receive’ a aistriú: ‘chun aon duine a ligfear isteach san ospidéal a ghlacadh agus aire agus cóireáil a thabhairt dó.’ (01 (Príobh.)/1974/4) Agus san Acht um Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann (Cairt agus Litreacha Paitinne a Leasú), 1979 baintear úsáid as ‘glac’ (gan réamhfhocal) chun ‘take’ a aistriú: ‘Leasú ar línte 494 go 528 den Chairt Bhunaidh (cumhachtaí araíonachta lena n-áirítear cimiú agus an chumhacht sé chorp a ghlacadh gach bliain lena ndioscadh)’ (01 (Príobh.)/1979/9 Taobhnóta).