#261585
Tá cogaíocht fós ar bun in oirthear na hÚcráine.
Tá cogaíocht fós ar bun in oirthear na hÚcráine.
Tá na mílte Orc ag máirseáil agus ag cogaíocht feicthe cheana againn.
Níl gá le gunnaí ná le pléascáin ná le cogaíocht a thuilleadh.
Carachtair iad seo gur cuma leo airgead a bhaint as cogaíocht agus marú.
Is focal é “cogaíocht” nár cheart a bheith luaite riamh le haon iomaíocht lúthchleasaíochta.
‘Cogaíocht faoi chadás,’ a bhí sa chogadh, a dúradh linn go seanbhlastúil.
Deirtear uaireanta gurb ionann spórt idirnáisiúnta agus cogaíocht faoi bhréagriocht.
Tá cogaíocht athraithe go mór.
Fearr ceannach ná cogaíocht.
Ní bheadh cogaíocht ar siúl idir na dreamanna seo, ach ní bheadh cairdeas ann ach oiread.
Bhí ‘tírghrá’ fite fuaite le ‘híobairt fola’ agus le ‘cogaíocht’.
Nach fearr cabaireacht ná cogaíocht?
Más amhlaidh, bhí fuar acu, nó d’eascair cogaíocht shearbh fhorleathan as, cogaíocht inar cailleadh na cinnirí Ó Coileáin, Brugha, agus Ó Loingsigh i gcomhrac, agus inar scaoileadh Childers, Mac Éil, Ó Conchúir, de Baróid, Mac Calbhaigh, agus Ó Beoláin faoi chúinsí eile.
Tá cogaíocht ar bun i dtuaisceart Sinai idir na húdarais san Éigipt agus ceannaircigh ó cuireadh an tUachtarán Mohammed Mursi as oifig i 2013.
Máithreacha an scannáin seo, agus rud a chuirtear abhaile orainn arís agus arís eile, ná an tslí gur cogaíocht sa mbaile atá anseo.
Tá eachtraí an scannáin seo suite 30 bliain i ndiaidh The Return of the Jedi agus cogaíocht fós sa tsiúl.
“Ba thír phágánach í Éire an t-am sin ina gcleachtaí íobairt dhaonna agus cogaíocht idir threibheanna, agus bhí an t-ionchas saoil thar a bheith gairid.
Tráchtann sé ar an gceangal idir cogaíocht agus maoin agus ar chosmhuintir na cathrach sa Bhreatain Bheag (TGG, ll.
Nach maith a d’oir sé dó a bheith ag plé le cogaíocht agus le céasadh, más fíor go raibh sé ina éigneoir freisin?
Go gairid ina dhiaidh sin, thosaigh cogaíocht sráide idir an dá bhuíon mhór coirpeach i South Boston, na Mullens, a raibh Patrick Nee leo, i gcoinne na Killeens.
Is as an Meánoirthear é, pé scéal é, ón Iaráic nó an tSiria, ceann de na tíortha sin atá buailte go dona le cogaíocht.”
Mar a tharlaíonn, ní dóigh liomsa
Is é atá idir chamáin ag Harvey ná an bhaint a bhí nó atá ag an mBreatain le cogaíocht in Gallipoli, san Iaráic, san Afganastáin agus ar bhláir chatha nach iad.
“An rud faoi Cluiche na Corónach ná go bhfuil gach saghas ábhar faoin spéir le brath ann: cogaíocht, cúrsaí gnéis, díoltas, grá, an teaghlach agus níos mó,” arsa Liam.
Bhí an Eoraip, an Mheánmhuir, an Tuirc agus an Talamh Naofa le taisteal aige agus bhí cogaíocht agus faltanais go leor idir na tíortha agus na himpireachtaí sa réigiún.
Bhain siad le dlí agus riarachán, ailtireacht agus tógáil, cogaíocht agus an t-arm, faisean agus bia, an eaglais agus le gnéithe cultúrtha is sóisialta eile (McManus 1994: 441–2).
Creideann formhór Éireannach nach leigheas ar fhadhbanna an domhain cogaíocht agus nár chóir don Stát seo páirt a ghlacadh in aon chogadh muna n-ionsaítear Éire.
Is cinnte nach bhfuil fonn ar Aire Éireannach ar bith dul ag cogaíocht in aghaidh na hIaráice ná i gcoinne aon tír eile nach bhfuil Uachtarán Mheiriceá sásta léi.
Seachas rud ar bith eile, tá Bertie Ahern agus Tony Blair i gcoinne aon bheartas a d’fhéadfadh tús a chur arís le cogaíocht.
Tá an iomarca ann nach dtuigeann nach mbíonn a dhath le gnóthú ag tír bheag as cogaíocht.
Ach ní foláir a thaispeáint don saol mór go bhfuil Éire bródúil as an bpolasaí neodrachta agus go bhfuiltear i gcoinne marú, loiteadh, agus cogaíocht i gcoitinne.
Le tamall de bhlianta anois tá cogaíocht leanúnach ar siúl sa Mheánoirthear, san Afganastáin, an Phacastáin, san Iaráic agus faoi láthair sa tSiria.
Thar thréimhse cúpla céad bliain rinne arm príobháideach an chomhlachta cogaíocht san India, sa tSín, in Java, san Afganastáin, in Myanmar etc.
Anois tá cogaíocht ar ais san Eoraip, san Úcráin, mar a bhfuil achrann idir an rialtas agus áitreabhaigh in oirthear na tíre sin ar de shliocht Rúiseach iad.
Cuimhnigh ag an am sin go raibh seacht mbliana le dul sula síneofaí Comhaontú Aoine an Chéasta, a thug chun críche cogaíocht a bhí ar siúl i dTuaisceart Éireann ó 1969.
Tráchtar ar an drochíde chruálach, mhídhaonna a tugadh do mhuintir na Síne: marú gan trócaire, tástálacha eolaíochta, cogaíocht bhitheolaíoch agus éigniú (nó ‘mná compoird’ faoi mar a baisteadh orthu go sofhriotalach).
Cogaíocht neamharmtha atá ar siúl ag an dá pháirtí, le briathra an bhladair nó na binbe, de réir mar a fheileann.
Ar feadh breis agus deich mbliana ina dhiaidh sin lean cogaíocht sheicteach ar fud Ard Mhacha a tháinig chun cinn ag Cath na Cearnóige.
Bhaineas súp as tús an scannáin mar a raibh Morton (Cruise) agus a leathbhádóir ag tóraíocht taisce san Iaráic agus cogaíocht ar siúl mórthimpeall orthu.
Is é an rud is mó a chuireann olc ar Róisin, agus ar phríomhcharactar an úrscéil An Seod Do-Fhaghála , áfach, ná foréigean agus cogaíocht.
Cogaíocht idir gunnadóirí óga Learphoill ba chúis lena mharú, de réir na meán cumarsáide i dtosach, go dtí gur chuir uncail Rhys teachtaireacht ar an idirlíon.
Ní hionann is spiaireacht, nó cogaíocht faoi choim, ach thug Colm Ó Ceallacháin aghaidh ar an uisce faoi thalamh gar d’ionad chruinnithe an Ochtair, is é sin, uaimheanna an Marble Arch.
Ag cogaíocht, sceimhlitheoireacht agus anachain nádúrtha ar nós creathanna talún is minice an saol curtha trína chéile go dtí seo le blianta beaga, saol an spóirt san áireamh.
Saothraítear téamaí a théann go smior na Brasaíle in imeacht na n-aistí ar fad: dúchas, bochtanas, cumhacht, cogaíocht uirbeach, timpeallacht aiceanta, bánú tuaithe, cor polaitiúil agus oidhreacht choilíneach na tíre.
Domhan diostóipeach mar a bhfuil ar fhuíoll áir an chine dhaonna teitheadh leo ar thraein ó oighearaois nua atá cruthaithe ag truailliú agus cogaíocht.
Faoi mar a dúirt an grianghrafadóir Astrálach Ashley Gilbertons linn, tá sé furasta a bheith ag cogaíocht, an rud atá deacair ná cad a dhéanann tú nuair a bhuann tú.
Nuair a chuimhnímid ar a dhéine atáthar ag cogaíocht sa bhFrainc, agus an síorthrá atá ar fhir na tíre sin, ní féidir gan ionadh a dhéanamh dá dlús a leanann muintir na Briotáine don saothar ar son a dteanga féin.
Ceann mioteoseolaíochta: Leis an rath a bhí ar na sé scannán le Peter Jackson faoin Domhan Láir agus an tóir dhomhanda atá ar Game of Thrones, is léir go bhfuil goile thar na bearta ar na saolta seo do shaothair ina bhfuil laochas, foréigean, brúidiúlacht, cogaíocht, grá, draíocht agus an t-osnádúr.
Ar an 19 Bealtaine, beidh idir dhamhsa, cheol, phrós agus íomhánna ar scáileán mar chuid den léiriú Cogaí atá bunaithe ar chnuasach gearrscéalta leis an údár Dáithí Ó Muirí a bhaineann le cogaíocht agus foréigean.
Nó déarfá nach bhféadfadh rud ar bith a bheith níos measa ná an torann sin a bhíonn ag cait an bhaile is iad ag gráigeadh is ag cogaíocht ar an oíche úd i gceartlár an tsamhraidh a mbíonn siad i mbun a léiriú bhliantúil de Cúirt an Mheán Oíche?