Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

6 thoradh in 4 dhoiciméad

  1. #1172074

    Cuirfear 300 baile ar fáil i nGaillimh go ceann 18 mí ar chostas €3.8 milliún mar chuid de scéim nua idir Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comharchumann Tithíochta Éireann.

  2. #1913754

    Dúirt urlabhraí Uisce Éireann, Richie Ó hEadhra le RTÉ Raidió na Gaeltachta gur mór an náire é sa lá atá inniu ann go bhfuil séarachas amh ag dul amach i gcéibh an tSrutháin.  Comharchumann tithíochta Táthar ag iarraidh comharchumann tithíochta a bhunú i gcathair na Gaillimhe a thabharfadh cúnamh do dhaoine nach mbeadh tithíocht shóisialta ag dul dóibh de bharr go bhfuil saothrú réasúnta acu.

  3. #1309191

    Comharchumann Tithíochta na hÉireann chun 51 teach a sholáthar do theaghlaigh i gContae an Chláir roimh Nollaig.  Deir Príomhfheidhmeannach an chomharchumainn, Kieron Brennan, gur teacht ar shuíomhanna a bhfuil cead pleanála acu an fhadhb is mó atá acu.  Tá sé ag achainí ar fhorbróirí agus ar eagraíochtaí stáit a bhfuil suíomhanna oiriúnacha acu, teagmháil a dhéanamh leis an gcomharchumann.

  4. #1309192

    Deir Kieron Brennan go léiríonn daonáireamh a rinneadh le déanaí ar thaillte stáit go bhfuil suas le 700 suíomh ar fud na tíre a d'fhéadfaí a usáid i gcóir tithíochta.  Chuaigh Comharchumann Tithíochta na hÉireann ag obair le Comhairle Contae an Chláir chun 28 teach i Lios Anama i nDroichead Abhann na gCearnaigh a cheannach.  Tá sé beartaithe ag an gComharchumann, chomh maith le Comhairle Contae an Chláir agus NAMA, 23 aonad a ligean ar cíos ar bhonn fadtéarmach in Inis.

  5. #1928109

    Tithe inacmhainne Tá comhlacht forbartha na nDéise fós ag lorg léirithe spéise ó éinne go mbeadh suim acu i dtithe inacmhainne i nGaeltacht na nDéise.  I Nótaí Chomhlacht Forbartha na nDéise na seachtaine seo, deirtear go bhfuilid ag iarraidh éileamh ar thithe inacmhainne sa cheantar a mheas agus má bhíonn go leor éilimh, tabharfar coiste le chéile chun tús a chur leis an bpróiseas chun Comharchumann Tithíochta a bhunú sa cheantar.  D'fhreastail 40 éigin duine ar chruinniú sa Rinn an coicís ó shin, mar gheall ar thithe inachmhainne.  Tearmann Tá 926 iarrthóir tearmann ag cuir fúthu i 6 ionad soláthair díreach ar fud Cho.