Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

28 toradh in 27 doiciméad

  1. #751716

    D'iarr an Taoiseach Enda Kenny agus Uachtarán na Fraince Francois Hollande ar an Bhreatain airteagal 50 a agairt chomh luath agus ab fhéidir leis an Aontas Eorpach (AE) a fhagáil.  D'eisigh an bheirt cheannairí comhráiteas i mBaile Átha Cliath ar maidin.

  2. #1186338

    Tá deich mbliana cruinn ann an mhí seo ón uair a d’eisigh Uachtarán Mheiriceá ag an am, an tUasal Clinton, agus iar-Phríomhaire na Ríochta Aontaithe, Tony Blair, comhráiteas inar mhol siad go roinnfí gan bac an t-eolas a bhaineann le bunsonraí an ghéanóim dhaonna, agus go mbeadh an t-eolas sin le fáil go forleathan ar mhaithe le leas an phobail.

  3. #1371634

    Tháinig comhráiteas ó cheannairí bhallstáit an Aontais Eorpaigh ag a gcruinniú mullaigh sa Bhruiséil inné inar maíodh gurb í an Rúis a rinne an t-ionsaí nimhe ar an iarspiaire Sergei Skripal agus a iníon i Salisbury i Sasana ag tús na míosa.

  4. #1605208

    Tháinig an chaint sin ón Urramach Trevor Gribben i ndiaidh do na príomh-eaglaisí i dTuaisceart Éireann comhráiteas a eisiúint inar chuir siad in iúl an imní atá orthu faoin reachtaíocht faoina bhféadfadh Westminster, a deir siad “ginmhilleadh ar bheagán srianta” a bhrú ar na sé chontae.

  5. #1622140

    Pléadh athrú polasaí Mawhinney ag an Chomhdháil Idir-Rialtasach Angla-Éireannach i mBéal Feirste ar 5 Aibreáin 1989 agus d'eisigh an dá rialtas comhráiteas i ndiaidh an chruinnithe ag cur fáilte roimh an athrú intinne.

  6. #1685878

    D’eisigh an 19 n-eagras Gaeilge atá i gceist comhráiteas cúpla seachtain ó shin inar dúradh gurb ionann an tSamhail Nua Mhaoinithe agus deireadh a bheith á chur le hobair na n-eagras sin.

  7. #1857035

    Phléadh athrú polasaí Mawhinney ag an Chomhdháil Idir-Rialtasach Angla-Éireannach i mBéal Feirste ar an 5 Aibreáin, 1989 agus d’eisigh an dá rialtas comhráiteas i ndiaidh an chruinnithe ag cur fáilte roimh an athrú intinne.

  8. #1569235

    Beidh cruinniú ag an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney le Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Karen Bradley agus le hionadaithe ón gcúig phríomhpháirtí polaitíochta ó thuaidh i Stormont inniu.  Is í an aidhm is mó atá leis an gcruinniú bunús do chomhaontú a chur i dtoll a chéile as seo go ceann cúpla seachtain.  Aréir, d'eisigh an Taoiseach Leo Varadkar agus Príomh-Aire na Breataine Theresa May comhráiteas ag impí ar na páirtithe ó thuaidh géarú ar a gcuid iarrachtaí teacht ar réiteach agus feidhmeannas Stormont a chur ar bun an athuair.  Dúirt ceannaire an DUP Arlene Foster tráthnóna nach féidir glacadh le comhaontú ar maíodh gur thángthas air i mí Feabhra seo caite mar bhunús do na cainteanna seo toisc nár aontaíodh é i ndáiríre.  Dúirt ceannaire Shinn Féin sa Tuaisceart Michelle O'Neill go bhfuil feidhmeannas agus comhthionól a fheidhmíonn go maith agus a fhreastalaíonn ar gach duine tuillte ag an bpobal agus go bhfuil a páirtí meáite ar an aidhm seo a bhaint amach.

  9. #1686314

    Dúirt Martin McGuinness, mar shampla, gur dhiúltaigh Peter Robinson comhráiteas a bheadh scríofa ag an bheirt acu a chur amach ag gabháil comhghairdis le foireann shinsir Thír Eoghain a bhain craobh na hÉireann i mí Mheán Fómhair.

  10. #1917860

    Ráiteas éisithe ag Cumann na bhFeirimeoirí Tá comhráiteas eisithe ag ranna Chumann Feirmeoirí Éireann i gContae Chorcaí ag cur i gcoinne leathnú na teorann atá molta do chathair Chorcaí, leathnú a chuirfeadh talamh feirmeoireachta i gceantair Bhaile an Chollaigh, Charraig Tuathail agus na Blárnann fé scáth na Comhairle Cathrach.