#1384401
Sa dán Óige an Fhile, feiceann muid go raibh ar an bhfile glacadh leis an gcinneadh a rinne sé cloí leis na clocha, fiú agus brón air nár thuig aon duine an cinneadh sin, ná an tábhacht a bheadh leis lá amach anseo: Nuair a úsáideann Ó Direáin an briathar "dealaigh" sa dán seo, feiceann muid go bhfuil balla de chineál éicínt tógtha aige timpeall air féin aige; cosaint dá shamhlaíocht, b'fhéidir, nó tuiscint go raibh difríocht idir é féin agus a aoisghrúpa.