#1431733
De ghnáth, thug na filí gnáthainm mná ar an destinataire’.
De ghnáth, thug na filí gnáthainm mná ar an destinataire’.
‘An apastróf dírithe ar destinataire pearsantaithe faoi ghnáthainm’, baineann sé le réimse taighde de mo chuid féin, filíocht a chum Liam Dall Ó hIfearnáin.
Sa ghnáthshlí, gluaiseacht thrí bhealach atá san apastróf — (i) an cainteoir, (ii) an pobal léitheoirí / éisteoirí agus (iii) an destinataire nó an duine / na daoine lena bhfuil cainteoir an dáin ag labhairt sa dán.
Maidir leis na nuafhilí i gcoitinne deir sí, mar shampla: ‘Tá siad ag paidreoireacht, ach de réir a dtéarmaí féin, agus ní hé an Dia Críostaí an destinataire diaga a roghnaíonn siad i gcónaí.’ (lch 421) Cuirtear buanna na hapastróife os comhair an léitheora: ‘Tríd an apastróf téann na filí chun cainte go poiblí leis na destinataires sin (Tá liosta fada díobh tugtha roimhe seo!) agus faigheann an léitheoir léargas, ó ionad faire an chúléisteora, ar choibhneas na gcainteoirí lena ndestinataires.