Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

218 toradh in 85 doiciméad

  1. #741522

    Bhaisteadar Dill mar aon le Sáirséal ar an gcomhlacht a bhunaíodar agus iad nuaphósta sa bhliain 1945 de bharr £300 a bheith faighte ag Seán óna aintín, Éilis Dill Nic Gabhann, i ndiaidh a báis, méid suntasach go leor le comhlacht a bhunú a rachadh i gcomórtas leis an nGúm.

  2. #1079042

    Sáirséal agus Dill a bhí curtha ar bun dhá bhliain roimhe sin a d’fhoilsigh, agus tá sé ar na leabhair is fearr crot agus cur i láthair dár cuireadh amach riamh sa Ghaeilge; Scéalaíocht na Ríthe le Tomás Ó Floinn agus Proinsias Mac Cana (Sáirséal agus Dill, 1956) an t-aon leabhar amháin eile a bheadh ionchomórtais leis sa tslí sin, b’fhéidir.

  3. #298838

    Ó na 1940idí ar aghaidh, bhí Sáirséal agus Dill ar cheann de na foilsitheoirí Gaeilge ba bhisiúla agus ab inspioráidí in Éirinn.

  4. #298839

    Shocraigh foireann Chló Iar-Chonnacht a dtionchar a chíoradh sa leabhar Sáirséal agus Dill 1947—1981: Scéal Foilsitheora.

  5. #301546

    Bhí an litir chuig scríbhneoirí Sáirséal agus Dill ag fógairt dhúnadh an chomlachta ar an 14 Meitheamh 1969 le seoladh ar an 12 Bealtaine, ach níor cuireadh sa phost riamh é.

  6. #302442

    Taitníodh an fear féin leat nó ná taitníodh, tuairiscítear go ndearna sé a chion ar son an tí foilsitheoireachta ‘Sáirséal agus Dill’ agus é i bhfiacha.

  7. #302443

    Tá cuntas sa leabhar nua Sáirséal agus Dill 1947-1981 – Scéal foilsitheora ar conas a tháinig Haughey i gcabhair ar mhuintir Uí Éigeartaigh agus iad ar tí a ndoirse a dhúnadh.

  8. #302567

    Sheol an tOllamh Cathal Ó Háinle ‘Sáirséal agus Dill 1947-1981 Scéal Foilsitheora’ le Cian Ó hÉigeartaigh agus Aoileann Nic Gearailt sa Chlub Odessa i mBaile Átha Cliath Dé hAoine, Eanáir 23.

  9. #303166

    I measc na leabhar a sheolfar le linn na scoile, tá cnuasach aistí scolártha ar Mháire Mhac an tSaoi agus cuntas ar stair an chomhlachta foilsitheoireachta, Sáirséal agus Dill.

  10. #351414

    Is é an leabhar eile atá ag Cló Iar-Chonnacht ar ghearrliosta na bliana seo ná Sáirséal agus Dill 1947-1981: Scéal Foilsitheora, le Cian Ó hÉigeartaigh agus Aoileann Nic Gearailt.