#1677692
Cén dlí a leanfaidh mé: dlí Dé nó dlí na tíre?
Cén dlí a leanfaidh mé: dlí Dé nó dlí na tíre?
Ar ndóigh, bhí dlí an díblithe ann, lena bhféadfadh duine a chara ar Caitliceach é a bhrath agus maoin a charad a fháil mar luach saothair; ar ndóigh, ritheadh dlí eile lenar baineadh an ceart den athair Caitliceach a bheith ina chaomhnóir ar a chlann agus iad a thógáil; agus bhí an tríú dlí ann a cheadaigh an capall a ghoid ón gCaitliceach ar an mbóthar mór má d’admhaigh sé a chreideamh arna fhiafraí sin dó; ar ndóigh, ritheadh dlí eile, an ceathrú dlí, a thug mar luach saothair don leanbh easurramach agus a d’athraigh a chreideamh maoin an tsaoil a bhí ag a athair caitliceach; agus an cúigiú dlí, a chuir toirmeasc ar an oiliúint chaitliceach agus a dhaor an múinteoir Caitliceach mar ainrianaí; agus bhí an séú dlí ann a dhíbir sagairt Chaitliceacha as an tír agus a bhagair a gcrochadh dá bhfillfidís; agus bhí an seachtú dlí fós ann, a chuir bac ar Chaitlicigh talamh a bheith ina seilbh acu, bíodh go raibh ceart acu air le hoidhreacht nó fiú dá bhféadfaidís é a cheannach.
Faoin dlí sibhialta bíonn brollach ag tús aon phíosa dlí a thugann le fios céard iad spriocanna an dlí nua agus ansin bíonn an scríobh faoin dlí féin gonta go maith.
Is iad na Breithiúna a leagann síos an dlí de réir an Dlí Choitinn.
An Dlí Coiriúil agus an Dlí Sibhialta
Dar le Synge ba thábhachtaí dlí an chine ná an dlí teibí i saol mhuintir Árann.
Agus ba chóir do lucht dlí a dhéanamh an dlí a chomhlíonadh.
Tá an dlí ar fad ar crochadh ar luachanna lastuas den dlí féin.
Dá ndéarfadh an dlí gur cheart í a chur ar an raca bheadh an dlí ceart, mar is í an dlí an dlí, agus níl aon dul thairsti.
Ní dlí thar fóir é go bpianósfaí daoine a bhriseann an dlí.
Ní hionann dlí agus ceart i Luimneach ar fad, agus dlí agus ceart Chontae Mhaigh Eo.
Tá seo fíor, gan amhras, agus is é an dlí an dlí.
Tuigim go bhfuil an dlí briste acu, ach an gcuirtear an dlí i bhfeidhim go cothrom?
Tar éis céim dlí a bhaint amach, d’oscail sé a ghnó dlí féin.
Bhí cúigear den seachtar Tiarna Dlí den bharúil go bhfuil an dlí díréireach.
Bhí a cearta aici, ar ndóigh, agus ba í an dlí an dlí.
Bídís faoi choimirce an dlí shaolta chomh maith le dlí Dé.
Mhol an tAire Dlí agus Athchóirithe Dlí Charlie Flanagan díograis, dúthracht agus crógacht an iarsháirsint inné.
Ní as féin a fhaightear an téarma dlí ach i gcomhthéacs coinbhinsiúin, rialacháin nó cinneadh dlí.
Is é atá i gceist le dádhlínseachas Cheanada ná gur ann do dhá thraidisiún dlí ann — dlí coiteann na Breataine agus dlí sibhialta na Fraince agus, dá réir sin, is reachtaíocht dhádhlínseach a achtaíonn an pharlaimint mar go gcaithfear í a fheidhmiú sa dlí sibhialta in Québec agus sa dlí coiteann sna cúigí eile agus go gcaithfear í a chur in oiriúint don dá chóras dlí.
Cé gur bhris Cantor dlí SAM – Achta Logan – ní móide go gcuirfear an dlí air.
Mhaígh lucht dlí an Fheidhmeannais go raibh sé róluath le dhul I muinín an dlí arís.
Bhí seanfhocail an-cháinteach orthu: ‘Bíonn an t-uachtar ag an bhfear dlí is an sciotar ag an bhfear tíre’; ‘Is cam an rud an dlí’; ‘Is iomaí cor i ndlí Shasana’; ‘Is iomaí duine a chrochtar san éagóir’; ‘Má théann tú chun dlí, bíodh bonn i do phóca’; ‘Má théann tú chun na cúirte, fág d’anam sa mbaile’; ‘I ngan fhios don dlí is fearr a bheith ann’; ‘Dlí cois teallaigh, ní chosnaíonn sé tada.’ Bhí béaloideas forleathan faoi dhaoine a ciontaíodh san éagóir, leithéidí Mhaolra Seoighe as Mám Trasna agus Pádraig Breathnach as Leitir Fraic a crochadh i gcathair na Gaillimhe sna 1880idí.
Páipéar Sasanach ab ea é agus bhí sé lán de scéalta i dtaobh lucht briste an dlí – dlí an rí agus dlí na hEaglaise.
Chomh maith leis sin, déanann FLAC obair feachtasaíochta ar réimse ceisteanna, ina measc fiacha pearsanta, cothromaíocht sa dlí leasa shóisialaigh, dlí leas an phobail agus cúnamh dlí sibhialta.
B’í an dlí dá gcuirfí in aghaidh an dlí go ndlíofaí go rabhthas lasmuigh den dlí dhlithiúil.
Ach leis an athrú sa seachtú haois déag ón dlí Gaelach (dlí na mbreithiún) go dlí na Sasanach, tháinig athrú beag chun feabhais ar chúinsí beatha an tuathánaigh.
In 1948 ceapadh é ina Ollamh le Dlí Rómhánach, le Dlí-eolaíocht agus le Stair an Dlí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Luadh dlí áirithe a mhaireann go fóill i reacht dlí na tíre seo, dlí a dhéanann úsáid na Gaeilge sna cúirteanna mídhleathach.
Labhróidh mé ansin ar an dlí mar a bhí agus mar atá, agus ar an dlí ina ghléas foréigneach toirmisc agus an dlí ina ghléas cruthaitheach treorach.
Theip ar a gcás sa Chúirt Uachtarach ar phointe teicniúil dlí ach d’eisigh na Tiarnaí Dlí barúlacha gur sárú ar chearta daonna na mban é dlí an Tuaiscirt faoi ghinmhilleadh.
Teastaíonn leasú gan mhoill ar an dlí, a dúirt sí, ionas go mbeadh dlí na hÉireann inchurtha leis an dlí i mórán tíortha eile.
Sa Réamhrá, léirítear an dlúthcheangal idir focail — uirlisí an dlíodóra — agus an dlí: Is féidir na haistí a ghrúpáil de réir téama: baineann caibidlí 1–2 le stair téarmaí dlí in dhá theanga éagsúla; baineann caibidlí 3, 4, 6, 8, 9 agus 10 le tuairiscí ar thionscadail éagsúla sa téarmfhoclóireacht dlí; baineann caibidlí 5 agus 7 le meastóireacht chriticiúil ar fhoclóirí dlí; baineann caibidlí 11–13 le hanailísí ar ghné amháin de théarmaíocht an dlí i ndlínsí faoi leith; agus baineann caibidlí 14–15, ar deireadh, le gnéithe de théarmaí dlí in dhá mhionteanga.
Luaitear cé mar a thug foclóirithe dlí éagsúla téarmaíocht an dlí shibhialta agus an dlí choitinn le chéile le linn an tseachtú haois déag.
Is i ngeall ar mhéad na gcostas dlí atá rún ag an Aire Dlí agus Cirt, Alan Shatter, athleasuithe móra a chur ar sheirbhísí dlí in Éirinn.
Díolann The Albert bia te agus, mar sin, beidh cosc ar chaitheamh tobac cibé dlí atá i réim, dlí áitiúil nó dlí náisiúnta.
Cé go bhfuil sé coitianta ag tríú páirtithe maoiniú a dhéanamh ar chásanna dlí sa Bhreatain, tá cosc air in Éirinn faoin dlí ársa ar a dtugtar 'campháirtíocht.' Dé réir an dlí, níor cheart go mbeadh cead ag aon tríú páirtí maoiniú a dhéanamh ar chás dlí le súil sciar den íocaíocht airgid a fháil.
Ní bhaineann siad leis an réimse céanna dlí (an dlí réadmhaoine i gcás amháin, dlí na gconarthaí sa chás eile); ní mar a gcéanna a raon feidhme (bíonn feidhm ag morgáistí le réadmhaoin agus le maoin phearsanta araon ach tá an hypothèque teoranta do réadmhaoin amháin); agus anuas air sin is éagsúil an éifeacht dlí atá ag an dá choincheap (ní bhíonn aistriú teidil i gceist ach leis an gcéad cheann den phéire).
Tugann seisean aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le foclóir dlí a thiomsú agus tosaíonn le ceist an-bhunúsach a chuirtear go mion is go minic: cad is téarma dlí ann — téarma a bhaineann le cúrsaí dlí nó téarma a luaitear sa dlí?
Má sheasann an Taoiseach agus an tAire Dlí agus Cirt lena ndearcadh go sáraíonn dlí na tíre gach dlí eile, dlí na heaglaise san áireamh, feicim bliain chrua eile i ndán dár dteagascóirí moráltachta.
'D'fhéadfá an dlí a bhagairt orthu ach scriosfaí tú ar aon chuma.
Bí cinnte nach mbrisfidh tú aon dlí - sin an t-aon chomhairle atá agam duit.
Nó lucht dlí, ba dheacair a rá.
‘Bhí uacht déanta ag Mario atá dleathach amach is amach de réir dlí na Fraince.
Is baolach nach nglacann córas dlí na hIodáile le gach rud atá dleathach sa Fhrainc.
De réir dlí bheadh dualgas air anois cead pleanála a lorg as an nua.
‘Athraíodh an dlí i Sasana cúpla bliain ó shin.
Agus maidir leis an dlí in Éirinn…’
B’fhéidir go gcuirfí an dlí ar Lucy!
Ag dul in aghaidh an dlí agus in aghaidh Shaoirse ag an am céanna.