Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

65 toradh in 58 doiciméad

  1. #1889770

    Deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gur lorg CareDoc fóirdheontas d'achan dochtúir atá páirteach sa tseirbhís.

  2. #279023

    Tugann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta fóirdheontas do sheirbhísí iompair atá riachtanach do naoi n-oileán déag amach ón chósta a bhfuil cónaí orthu.

  3. #738392

    Ní móide go dtabharfadh Foras na Gaeilge cead do tuairisc.ie a leithéid a dhéanamh nuair a chuirtear an fóirdheontas €300,000 in aghaidh na bliana ar feadh ceithre bliana san áireamh.

  4. #1413043

    Mar fhreagra air sin, dúirt an Tóibíneach nár íoc an tÚdarás fóirdheontas cíosa le duine ar bith ach gurbh amhlaidh go raibh scéim ar bun chun go n-íocfadh gnóthaí cíos laghdaithe.

  5. #1728990

    Ar ndóigh is de bharr fóirdheontas san Aontas Eorpach agus sna Stáit Aontaithe agus pá suarach sa tSín a tharlaíonn a leithéid.

  6. #1810109

    Tá ardú sa scéim fóirdheontais pá fógartha ag an Aire Airgeadais Paschal Donohoe.  Dúirt an tAire Donohoe go n-ardóidh an Stát an fóirdheontas atá ar fáil do fhostaitheoirí ó 70% go dtí 85% do ioncam atá níos lú ná €24,400 in aghaidh na bliana.  Do fhostaithe a raibh glan phá do idir €412 agus €500 ar an meán in aghaidh na seachtaine acu (€24,400-€31,000), ardóidh an fóirdheontas go dtí €350 in aghaidh na seachtaine.  Tá sé mar aidhm ag an scéim cur le líon na bhfostaithe a choiméadfar ina bpostanna trí nasc a choimeád idir an fostaí agus an fostaitheoir.  Faoi láthair tá 42,000 fostaitheoir ar an scéim a dúirt an tAire agus dúirt sé muna mbeadh an scéim ann go mbeadh suas le milliún duine ar an mbeochlár.

  7. #1849517

    Mhaígh an Roinn Airgeadais gurb ionann deontas a thabhairt do mhná tí Gaeltachta agus fóirdheontas a thabhairt do thuismitheoirí a bhí iarraidh a gcuid páistí a chur ar laethanta saoire.

  8. #1873716

    fóirdheontas €300,000 a fuarthas ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe caite agus tuigtear nach bhfuil sé d'acmhainn ag an údarás áitiúil tuilleadh airgid a chur ar fáil.

  9. #1931478

    Tá aighneacht láidir déanta ag an Teachta Ó Gallachóir chuig an Roinn Iompar maidir leis an tábhacht a bhaineann leis an fóirdheontas PSO do Aerfort Dhún na nGall agus don chontae.

  10. #1936453

    Scéim shealadach fóirdheontas pá Caithfear an scéim shealadach fóirdheontas páighe a leasú le oibrithe séasúracha a chur san áireamh ann a dúirt an Teachta Piaras Ó Dochartaigh.

  11. #1961704

    Is le teaghlaigh atá cáilithe faoi Scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge a bheidh an fóirdheontas, ar fiú suas le €1,428 é in aghaidh an mhic léinn, iníoctha.

    ‘Erasmus na Gaeilge’ fógartha ag Seán Kyne: Cabhróidh ciste nua le 175 mac léann cur fúthu ar feadh trí mhí sa nGaeltacht – Éanna Ó Caollaí

  12. #1996064

    Ní cás speisialta ná airgead eisceachtúil atá uainn nó íocann muid uilig fóirdheontas don Bhéarla gach lá le seirbhísí i mBéarla a fháil.

  13. #2008439

    Dúirt Seán Ó Briain ó Oileán Inis Bó Finne go mbeadh suim aige féin a leithéid a reáchtáil dá mbeadh fóirdheontas ar fáil mar atá do chomhlachtaí farantóireachta eile.

  14. #893933

    Baineann an cinneadh leis an laghdú atá tagtha ar phost agus leis an ardú atá tagtha ar chostas pá sa Phost.  Tá praghas stampa ardaithe ag An Post dhá uair cheana féin le dhá bhliain anuas.  Tá sé curtha in iúl ag an chomhlacht don Rialtas agus don Choimisiún um Rialáil Cumarsáide nach féidir leis fóirdheontas a dhéanamh ar chaillteanais ó ioncam eile, agus tá iarrtha aige go rachfaí i ngleic leis an cheist go práinneach.  Deir An Post go bhfuil praghas stampa, atá 72 cent faoi láthair, i bhfad níos isle ná i dtíortha eile san Aontas Eorpach.

  15. #1563204

    Arís eile, chuir Roinn na Gaeltachta a gcosa i dtaca agus dúirt go n-amharcfaí ar a leithéid de chiorrú mar "ionsaí mór ar ghluaiseacht na Gaeilge agus go maífaí go raibh an Stát ag tréigean a chuid dualgas i leith na teanga." Mhaígh an Roinn Airgeadais gurb ionann deontas a thabhairt do mhná tí Gaeltachta agus fóirdheontas a thabhairt do thuismitheoirí a bhí ag iarraidh a gcuid páistí a chur ar laethanta saoire.

  16. #1674487

    Níl sé iomlán saor faoi láthair ach, ar a laghad, tá foinse ar leith ann agus níl sé seo ina chuid de chiste ar bith eile – ach amháin i gcás TG4 a fhaigheann fóirdheontas díreach ón stát agus ba chóir é seo a chur ina cheart le nach mbeadh sé chomh héasca ag aire amach anseo é a chiorrú.

  17. #1712884

    Na laethanta seo, agus Iarnród Éireann ag lorg breis airgid ón Rialtais chun a ghréasán féin a fhorbairt i gceart, b’ait an rud é dá bhfaigheadh Ryanair (namhaid cáiliúil “cur isteach” an Stáit) fóirdheontas chun dul in iomaíocht leis an traein ar bhealach ionsaitheach, agus chun daoine a spreagadh le modh iompair a roghnú a bhfuil truailliú níos measa ag baint leis ná mar atá ag baint leis an traein.

  18. #1771753

    Sin thart ar 10% den líon a iompraíonn Ryanair agus tá siadsan ar cheann de na comhlachtaí is mó ar domhan ó thaobh aerthaistil de." Cuireann an Roinn Iompair in Éirinn fóirdheontas ar fáil i gcás seirbhísí go sé cinn de cheantair imeallacha, leithéidí Chnoc Mhuire agus Thír Chonaill, agus tá trí chonradh díobh seo ag Aer Árann.

  19. #1809573

    Chomh maith leis sin, tá 25,104 duine ag baint sochair as an scéim fóirdheontas faoina n-íocann an Stát céatadán de phá daoine.  Scéim shealadach atá ann a bunaíodh chun cuidiú le fostóirí a bhfuil a ngnólachtaí buailte go dona ag an ngéarchéim sláinte.  Íocann an Stát suas le 70% den phá na n-oibrithe fad is nach ligeann an fostóir chun siúil iad.

  20. #1810385

    Tá 281,200 duine eile fós ag baint sochair as an scéim fóirdheontas faoina n-íocann an Stát céatadán de phá daoine.  De réir na scéime seo, tá an Stát ag íoc suas le 70% den phá na n-oibrithe fad is nach ligeann an fostóir chun bealaigh iad.

  21. #1827345

    Is faoin Rialtas atá sé taispeáint go bhfuil na Gaeltachtaí, mar chroílár na Gaeilge, tábhachtach agus gur fiú iad a chosaint.” Faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, freastalaíonn suas le 27,000 scoláire ar choláistí samhraidh na Gaeltachta gach bliain agus íocann an Roinn fóirdheontas leis an 700 teaghlach Gaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do na scoláirí.

  22. #1840376

    Tá 464,000 duine eile ag baint sochair as an scéim fóirdheontas faoina n-íocann an Stát céatadán de phá daoine.  De réir na scéime seo,  íocann an Stát ag íoc suas le 70% den phá na n-oibrithe fad is nach ligeann a bhfostóir chun siúil iad.

  23. #1840869

    Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go gcosnóidh an pacáiste cúitimh beagán níos mó ná a chosnaíonn Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge gach bliain.  Is trí Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a íoctar fóirdheontas le mná tí a chuireann lóistín ar fáil do na scoláirí a fhreastalaíonn ar na coláistí samhraidh.  Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Seán Kyne gur féidir go mbeidh gnólachtaí eile atá thíos leis de bharr nach bhfuil na cúrsaí Gaeilge ann an samhradh seo, go mbeidh siad in ann cúnamh a fháil ó Údaras na Gaeltachta nó ón Roinn Gnó, Fiontar agus Nualaíochta.

  24. #1840969

    Tá an líon daoine a fhaigheann íocaíocht faoi scéim eile tar éis ardú, áfach.  Tá os cionn 508,000 duine ag baint sochair anois as an scéim fóirdheontas pá faoina n-íocann an Stát céatadán de gcuid pá.  De réir na scéime, íocann an Stát suas le 70% den phá na n-oibrithe fad is nach ligeann a bhfostóir chun siúil iad.

  25. #1892615

    fóirdheontas de €20,000 curtha i leath-taobh ag Ceantar Bardais Leitir Ceanainn don tseirbhís i mbliana agus táthar ag súil le Ceantar Bardais Inis Eoghain an tsuim céanna a chur ar fáil.