Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

47 toradh in 36 doiciméad

  1. #1241736

    Leis an teannadh a chuir sé sna boilg ag fadú na tine dó, agus le torann na tine sin á fadú de phléasc, ardaíodh na curacha de dhroim na trá gur teilgeadh soir amach ar chlár na farraige arís iad.

  2. #287343

    Ní dóigh liom go dteastaíonn fadú dá leithéid, ach má tharlaíonn sé bheadh sé riachtanach go bhforálfaí go soiléir sa Rialachán go dtiocfadh deireadh leis an maolú, go huile agus go hiomlán, ag deireadh na tréimhse sin, gan aon fhoráil athnuachana a bheith i gceist.

  3. #582569

    Lean sé air mar sin ar feadh leathuaire an chloig, ag síor-rá, ag uallfairt, ag íospairt nó go raibh fead ghoile ann ag fadú na haithinne i ngríosach na híospairte: peaca na drúise, peaca na colna, an peaca gránna, peaca na saille, peaca an phléisiúir.

  4. #736462

    Go deimhin, chuir nuachtán an Guardian i leith Michael Gove gur taobh le cothú nó fadú na cogaíochta mar straitéis a bhí sé, agus gur cuid thábhachtach den chothabháil sin nach gcaithfí aon amhras ar aidhmeanna ná ar oidhreacht na Breataine sna cogaí sin ina raibh sí páirteach.

  5. #756490

    na suíomhnanna fabhracha is mó a gcailltear agus a gcaomhnaítear é iontu, go háirithe sa Ghàidhlig; éifeacht an ghuthaithe ar fhóneolaíocht na Gaeilge agus na Gàidhlige: fadú agus défhoghrú cúitimh agus a ndáileadh teangeolaíoch agus réigiúnach; forbairt na seicheamh agh agus eagh:1 chomh maith le fianaise nua a sholáthar ón nGàidhlig a thugann léargas dúinn ar ghuthú céimseach an choguasaigh, ceisteofar cuid de na seanchanónacha maidir leis an míniú traidisiúnta a thugtar ar fhoráis stairiúla áirithe, m.sh.

  6. #847315

    N’fheadar an bhfuil aon taithí agat féin ar na cúraimí seo, a léitheoir, ach déarfaidh mé an méid seo: ní túisce saolaithe an saothar, séala curtha ag an gclúdach air, ná go mbuaileann an fonn a lán údar fadú as, píosaí a fhágaint ar lár, earráidí — idir bhotúin chló agus phrofála — a cheartú, cé gur breá liom féin an liostú a dheintí, ar a dtugtaí corrigenda nó errata.

  7. #872239

    Tá rogha lom le déanamh aige, deireadh an mhaolaithe a lorg agus líon ard postanna a chruthú d’Éireannaigh le Gaeilge ar chostas an AE, nó fadú eile maolaithe a iarraidh agus neamhaird a thabhairt ar na himpleachtaí diúltacha a bhainfeadh leis sin don tír, do chéimithe oilte, agus do chúrsaí oiliúna atá á maoiniú ag an Stát.

  8. #872293

    Chomh luath agus a scaipfeadh scéal go raibh sé i gceist ag an Rialtas fadú eile a lorg, thiocfadh laghdú tobann ar líon na ndaoine aghlacfadh na cúrsaí, agus bheadh tógáil an mhaolaithe níos doshroichte dá bharr: chruthódh sé fáinne fí den chineál céanna is atá tarlaithe i gcás na hateangaireachta de dheasca dhiúltú na Parlaiminte Eorpaí ateangairí Gaeilge a fhostú ar bhonn lánaimseartha go dtí go mbeadh cuóta iomlán ar fáil.

  9. #916823

    Is féidir tabhairt faoi shíneadh nó fadú fabhraí freisin – próiseas gairmiúil é seo a dhéantar i salún áilleachta nuair a chuirtear ribí bréige, síoda, minc nó ribí a dhéantar as ábhar sintéiseach, i bhfostú de do chuid fabhraí nádúrtha.

  10. #1347172

    Cé go bhféadfaí a rá, ar an gcéad amharc, go bhfuil leas agus forbairt thionscal na mbradán fite fuaite san Athbhreithniú seo, is beag amhras atá ar Julie Edgar, bean labhartha na bhfeilméaraí bradán i gcathair Perth, ach go bhfuil conspóidí timpeallachta ag fadú na tine freisin.

  11. #1411678

    Ba é an dála céanna é i Staid an Ghearaltaigh, i bPáirc Aibhistín de Staic, i nGallarus nó i bPáirc an Chrócaigh: cosantóirí bochta fágtha ina suí ar a dtóineanna agus an Gooch ar ruathar aonair i dtreo an chúil, an chuile ghreim beo de ar bís, cosantóirí ar fianscar, an chaid san eangach, an brat glas in airde agus a fhios acu go mbeadh sé rompu arís i gceann nóiméid nó dhó chun freanga eile a bhaint astu agus é chomh maith acu a bheith ag fadú tine faoi loch agus a bheith ag iarraidh é a chur dá threo.

  12. #1671974

    Chomh maith leis an easpa dul chun cinn atá a dhéanamh acu stop a chur leis an choimhlint dhílseach - leoga measann idir náisiúnaithe agus aontachtaithe go bhfuil siad ag fadú na coimhlinte - tá eagla i measc na gCaitliceach go bhfuil foréigean na ndílseoirí ag imeacht ó smacht agus nach bhfuil an PSNI toilteanach iad a chosaint.

  13. #1704863

    Ní rabhamar ag súil le hatmaisféar an champa airm ar an láthair champála, ach dar fia, cé a shiúil tharainn agus sinn ag fadú na tine ach buíon saighdiúirí gléasta in éide Arm na hAontachta.

  14. #1783671

    Ag fadú tine faoi loch a bhí siad faoi gur éalaigh sí ón ngramaisc i veain de chuid Cainéal 7, an t-eagras Astrálach a bhuaigh an iomaíocht tairisceana le clár eisiach a chraoladh faoin scaoileadh.

  15. #1838177

    B’fhéidir gur gearrscéalta iad ar leith amháin, agus is gearrscéalta cuid acu go dearfach, nó eachtraí as a shaol, nó fadú astu, agus gach ceann díobh ainmnithe as ceann de na dúile ceimiceacha.

  16. #1884817

    Múscail!’ Ar feadh m’eolais, agus ní saineolaí mé, tá buntáistí sláinte ag baint le caitheamh masc in áiteanna atá faoi dhíon nó in áiteanna nach féidir fadú sóisialta a chleachtadh.

  17. #2015190

    Inniu, agus muid ag druidim thar ghrianstad an gheimhridh agus fadú na leathanta romhainn, cuimhnimid ar na féidearthachtaí atá le fíorú fós agus réitímis dul ar aghaidh i spiorad na dlúthpháirtíochta, ionas go mbeimid ábalta ár mbealach a dhéanamh go cúramach, le háthas i dtreo ár dtodhchaí le chéile.

  18. #366164

    Breis is bliain ó shin, scríobhas an méid seo a leanas in alt faoin maolú ar Tuairisc.ie: ‘Ní dóigh liom go dteastaíonn fadú dá leithéid, ach má tharlaíonn sé bheadh sé riachtanach go bhforálfaí go soiléir sa Rialachán go dtiocfaidh deireadh leis an maolú, go huile agus go hiomlán, ag deireadh na tréimhse sin, gan aon fhoráil athnuachana a bheith i gceist.’ Ba í an fhoráil athnuachana croí na ndeacrachtaí a bhain leis an bpróiseas oiliúna go dtí seo.

  19. #1214422

    Aird a tharraingt ar fhocail a mbíonn f iontu agus astu ina dtús: adhastar / fadhastar, aill / faill, almóir / falmóir, fabhra / abhra, fadú / adú, fadhb / adhb, fathach / a(i)th(e)ach, feileastram / (s)eileastram, formhór / ormhór, fuarán / uarán, fuiseog / uiseog, iolar / fiolar Is fiú na pointí litrithe seo a mheabhrú do dhaoine: i gcás focail ina scríobhtar guta ar lorg -dh nó -gh agus nach bhfuaimnítear an guta ach go bhfuaimnítear consan ar a lorg, go bhfágtar an guta sin ar lár nuair a chuirtear iarmhír leis an bhfocal: bodhar > bodhrán, ladhar > ladhróg, togha > toghchán (cé is moite nach bhfágtar ar lár é nuair a thugas sé níos mó ná dhá chonsan le chéile (gan h a chomhaireamh) nach gcaolaítear focail ar –ach(t) nuair a chuirtear -ín leo, e.g., smacht > smachtín, teach > teachín go gcoinnítear cáilíocht (leathan) an bh slán roimh chonsan caol i bhfocail ar nós gabhar > gabhairín, slabhra > slabhairín I dtaobh Simpliú agus Caighdeánú ar litriú focal áirithe, b’fhiú malartú a cheadú in: Dé / Dia Luain; deartháir / dearbh-bhráthair; deirfiúr / dearbh-shiúr; ionadh / iongnadh; iontas / iongantas, laisteas / lais-teas, laistiar, las-tiar, laistigh / las-tigh, lasmuigh / las-muigh, lasnairde / las-nairde, lastall / las-tall éagsúlacht litrithe a aithint i gcás na bhfocal: aerfort / aerphort, calafort / caladh-phort, ceannfort / ceann-phort, longfort / long-phort I dtaobh an tsínidh fhada, níor mhiste guta fada a mholadh roimh -(i)rd, -(i)rl, -(i)rn, -rr: aird(e), áirdeall, árd, árdaím, árdán, báird(ne), bárd, bárdal, cáirde, cáirdeas, ceárdaí, comhgháirdeas, gárda, iomárd, párdún, stancárd; gáirleog, gárlach, márla, párlaimint, párlús, thárla; báirneach, beárna, cáirn, cárnadh, cárnaim, ceárnach, ceárnóg, deárna, fóirnéis, máirnéalach, táirne; bárr, cárr, ceárr, feárr, geárr.