Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

14 toradh in 14 doiciméad

  1. #986349

    Is leor a rá go bhfuil fianaise ann maidir le faireachas agus sceithirí go gceadaíonn sé do chúinsí slándála a theacht salach ar “na luachanna agus an tsaoirse is ansa le Meiriceánaigh”.

    An féidir linn? – Pomuiri

  2. #264357

    Dúirt sé gur tháing amhras ar féin nuair a chuala sé an cás sa Chúirt Uachtarach faoi líomhaintí mhí-iompair Ghardaí i 2011.  Ar chóras Pulse na nGardaí a sheiceáil dó, chonaic sé go raibh faireachas á dhéanamh ag Gardaí ar Bailey agus Thomas go dtí 2012.  Dúirt sé go raibh níos mó ná 150 iontráil déanta faoi ainm Bailey, an líon céanna agus a dhéanfaí maidir le coirpigh aitheanta.

  3. #282294

    Gabhadh an bheirt fhear i ndiaidh dóibh bheith á bhfaire ag Gardaí.  Chuala an Chúirt gur shocraigh an Bleachtaire is Cigire Gerard McGrath ó aonad Drugaí agus Coireachta Eagruithe an faireachas ceamara a chur i bhfeidhm, bunaithe ar fhaisnéis a bhí faighte aige.  Tugadh an bheirt fhear faoi ndeara dhá lá as a chéile i mí Bealtaine 2015 i ngluaisteáin goidte in eastát tithíochta i gCluain Seach i dtuaisceart na hArd-Chathrach.  Stop Gardaí Zambra a bhí ag tiomáint carr den déanamh BMW agus Callaghan a bhí i veain bán ar an 29ú Bealtaine.

  4. #1800113

    I 2005, mar shampla, tionscnaíodh FRONTEX, eagraíocht a chuireann roimpi faireachas agus rialú teorainneacha seachtracha an AE a threisiú trí ghníomhaíochtaí na mballstát a chomhordú is trí patról a dhéanamh ar na teorainneacha seachtracha idir mhuir is thír.