#253999
Cuireadh ar bord loinge iad is seoladh thar farraige iad in áit ná feadair éinne.
Cuireadh ar bord loinge iad is seoladh thar farraige iad in áit ná feadair éinne.
Níor chríochnaigh sé an abairt mar ná feadair sé cad ba cheart dó a rá.
Dán cliste is ea ‘Idir eatarthu,’ curtha le chéile le corrfhocail mhionna ina bhfhuil sí ‘de shíor idir anseo is ansiúd,’ ag faire thall is abhus, is ná feadair sí cad atá uaithi ach í ar thóir rud éigin ná feadair sí.
Gáireann a shúile gorma liom laistiar de spéaclaí gorma, gléas sa ghloine iontu ná feadair Dia ná duine.
** Laethanta a thabhairt ar bheagán tairbhe – ag líonadh foirmeacha do dhaoine ná feadair siad féin cad is ceart a dhéanamh leo.
Is ins an limistéar seo a troidtear cuid mhaith des na cathanna atá á dtroid ag CLG i láthair na huaire agus an chosúlacht ar an scéal ná feadair aon bhuíon catha cá bhfuil triall na heagraíochta sa lá atá inniu ann.
I dtreo dheireadh an scéil deir sí le Colm Ó Sé, laoch an scéil, gur dóigh léi ná féadfadh tiománaí bus mar é féachaint ina diaidh agus í pósta leis, agus dá bhrí sin go bhfillfeadh sí ar an gCeallach, atá fiáin chun í a phósadh, go bhfuil a shaibhreas déanta aige as a bheith ag díol folúsghlantóirí, a bhuíochas san do Cholm, ach ná feadair Máire gleoite é sin go fóill.
Dúirt sé leis féin go raibh sé san am go maith aige a thigh féin a bhaint amach mar go raibh sé imithe óna bhean agus óna chlann le trí bliana fada agus ná feadair sé conas mar a bhíodar ag déanamh ó d’fhág sé iad.
Lean ciúnas na muice bradaí go rabhas coillte, caillte, coiscrithe, céasta, cloíte, clúmhillte roimis agus suaimhneas an tsúnáis, bhíos ag druidim chuige, an ciúnas mar chumann eadrainn is braithim dá mbeinn in aois fir an uair úd dhéanfainn fear maith den sagart céanna, óir is aisteach na smaointe a ritheann leat idir bhroinn is bhás sa bheatha i mbláth na hóige is ná feadair tú cad, nó cathain, nó conas a thiocfaidh.
Léim-rás atá i gceist gan amhras, an Grand National a ritear in Aintree Shasana an tsamhail is fearr — léimeanna móra diamhra agus ná feadair aon duine beo an dtabharfaidh ár gcapall na cosa leis sa chéad léim eile.
Dán cumhachtach eile go mbraitheann an éifeacht atá leis ar an gcur i láthair simplí a dhéantar ar ghnáth-imeachtaí gnáthlae go bhfuil ní éigin ná feadair sé cad é ag déanamh tinnis don fhile lena linn.
Port iontach é seo – traidisiúnta sa mhéid is go mbaineann teachtaireacht an amhráin (go liteartha, ciallaíonn “bangere tomme?” “cé feadair leo cad atá roghainn sa todhchaí?”), rif kologo (saghas bainseó Afracach déshreangach) Guy One agus amhránaíocht bhríomhar an Frafra Gospel Choir díreach le hoidhreacht mhuintir Frafra Ghána, ach eachtrúil ó thaobh na tacaíochta dinimiciúla de, idir uirlisí práis, fliúit, orgán agus drumaí, ón ngrúpa ceoltóirí a chuir Weissenfeldt le chéile sa Ghearmán do Guy One.
Dúirt Niamh nach feadair siad go dtí'n nóimeat deireanach an mbeidh cúnamh airgid acu ós na scéimeanna éagsúla atá ag Fáilte Éireann agus Foras na Gaeilge. Tá seo amhlaidh a deir sí, mar go mbíonn Scoil Cheoil an Earraigh ar siúl ana luath sa bhliain i mí Feabhra, agus go mbíonn an maoiniú á chuir ar fáil ag na heagraíochtaí óna gcuid scéimeanna eagsúla, cóngarach don ndáta go mbíonn an Scoil Cheoil ar siúl.