Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

3,298 toradh in 1,739 doiciméad

  1. #1024348

    Bhí polasaí seasta ag Fine Gael go mbeadh an Ghaeilge roghnach don Ardteist ach thuig an páirtí d’imní an phobail agus bhí Fine Gael ag iarraidh éisteacht leo: “Many stakeholders have passionate and long-standing beliefs on this issue and Fine Gael will consult with these stakeholders before the introduction of Irish as an optional subject.” Bhí straitéis ilghnéitheach ag Fine Gael i leith na teanga a thabharfadh tacaíocht d’fhorbairt na Gaelscolaíochta agus a chruthódh postanna nua sa Ghaeltacht.

    Ceist na teanga ag teacht chun cinn san olltoghchán – Pól Ó Muirí, Eagarthóir Gaeilge

  2. #1027429

    Vótáileann daoine ar son Fhianna Fáil toisc nach Fine Gael iad; vótáileann daoine ar son Fhine Gael toisc nach Fianna Fáil iad; vótáileann daoine ar son an Lucht Oibre toisc nach Fianna Fáil ná Fine Gael iad; vótáileann daoine ar son na nglasraí toisc nach Fianna Fáil ná Fine Gael ná An Lucht Oibre iad; vótáileann daoine ar son Sinn Féin toisc nach Fianna Fáil ná Fine Gael ná An Lucht Oibre ná na glasraí ná na hAontachtóirí ná an DUP ná An Páirtí Daonlathach ná An Páirtí Cumannach ná Clann na Talmhan ná na Caomhaigh ná Plaid Cymru ná Agenda Nua ná An Dream Eile Sin iad.

    Cén rogha? – Alan Titley

  3. #302597

    Dúirt Teachta as Fine Gael liom nach roghnóidís bean ina dháilcheantar.