Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

5 thoradh in 5 dhoiciméad

  1. #1565814

    Deirtear sa tuarascáil nach mbainfidh an tír seo amach na spriocanna ó thaobh fuinnimh in-athnuaite de an bhliain seo chugainn, cé gurb í Éire an tríú tír is mó san Aontas Eorpach atá ag giniúint leictreachais ó chumhacht na gaoithe.

  2. #1905635

    Foras na Mara Dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly go gcuireann sí fáilte roimh an gcinneadh atá tógtha ag Foras na Mara cruinniú poiblí a bheith acu le ceisteanna atá ag daoine faoin láthair thástála Mara agus Fuinnimh in-athnuaite amach ón Spidéal a phlé. Tacaíonn sí fhéin a deir an comhairleoir leis an imní atá ar dhaoine sa bpobal faoin bpróiseas atá in úsáid le ceadúnas a fháil don láthair seo. Tá imní ar an bpobal sa gceantar mar gheall ar thréimhse an léasa atá á lorg ag an gcomhlacht ar an láthair anois agus go mbeidh muilte gaoithe á dtástáil ar an láthair chomh maith le fearais a bheas ag giniúint leictreachais ó thonnta. Is ag 7.30 tráthnóna Déardaoin an t-aonú lá fichead den mhí seo a bheas an cruinniú poiblí ar siúl in Óstán Chois Fharraige.

  3. #1906454

    Ionad Tástála Mara Tá muintir an Spidéil atá ag cur in aghaidh an iarratais atá déanta ag Foras na Mara ar léas 35 bliain a cheadú don Ionad Tástála Mara agus Fuinnimh Inathnuaite atá ag Foras na Mara amach ó chósta an Spidéil, ag eagrú cruinniú eolais in Óstán na Páirce tráthnóna Dé Luain ag 8 a chlog. Thug Máire Ní Fhéinneadha le fios do Nuacht an Iarthair gurb iad muintir na háite atá tar éis scrúdú mion a dhéanamh ar an iarratas agus na coinníollacha a  bhaineann leis, a bheas ag déanamh an chur i láthair. I measc na n-ábhar atá ag déanamh imní don phobal, tá an tionchar a bheas ag an láthair ar chúrsaí iascaireachta, turasóireachta agus áilleachta, chomh maith le torann, soilsiú, fad an léasa, coinníollacha an léasa faoina dhíol, giniúint leictreachais, fearais a bheith róghar don chladach agus na fearais eile atá beartaithe a chur ar an láthair thástála. Tá sé i gceist tuirbín gaoithe 35 méadar ar airde a bheith i mbarr uisce mar chuid den fhorbairt ansin, chomh maith le stáisiún speisialta a bheas dhá mhéadar déag ar airde agus a fhágfar go buan ansin ar mhaithe le cúrsaí taighde. Thug Máire Ní Fhéinneadha le fios gur thug Foras na Mara cuireadh do na daoine a bhfuil ceisteanna acu faoin iarratas castáil le baill ón bhForas ina dtriúr is ina dtriúr lena gcuid ceisteanna a fhreagairt. Thug sí le fios nár éirigh léí féin a bheith i láthair ag an gcruinniú le Foras na Mara agus go gcreideann sí nach bealach feiliúnach a bheadh ann le ceist phoiblí a phlé ar aon nós. Níl bheidh Foras na Mara ag reáchtáil aon chruinniú poiblí eile as seo go dtí an spriocdháta atá leagtha amach, is é sin an  9 Meán Fómhair le haighneachtaí a dhéanamh faoin Ionad Tástála Mara agus Fuinnimh Inathnuaite amach ó chósta an Spidéil.